Nuachtlitir: Bealtine 2022Fáilte! Is é is cuspóir lenár nuachtlitir scéalta agus eolas faoi ICT a chur ar fáil do Phríomhoidí, do mhúinteoirí comhordúcháin ICT, do mhúinteoirí agus dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le cúrsaí oideachais.Straitéis Dhigiteach do Scoileanna €50 milliún de mhaoiniú TFC Le déanaí d’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD foilsiú na Straitéise Digití do Scoileanna go dtí 2027 agus íocaíocht €50 milliún i maoiniú deontais d’infreastruchtúr teicneolaíochta digití do gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta. Mar thoradh ar an straitéis seo, déanfar dul chun cinn i gcur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí digiteacha ar fud an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe, ag tógáil ar an obair a rinneadh sna straitéisí roimhe seo. Tá sé mar aidhm aige tacaíocht bhreise a thabhairt don chóras scoile ionas go mbeidh deis ag gach scoláire an t-eolas agus na scileanna a theastaíonn uathu chun maireachtáil sa saol digiteach síor-athraitheach a fhorbairt. Forbairt Leantach Ghairmiúil ‘Laethanta Pleanála’ do Mhí Lúnasa Rud Nua! Mar eolas do phríomhoidí agus do mhúinteoirí iar-bhunscoile, beidh raon cúrsaí ar líne ar fáil le linn laethanta pleanála go déanach i mí Lúnasa agus i rith na scoilbhliana nua, mar chuid dár seirbhís nua cúrsaí ar líne. Áireoidh clár na gcúrsaí ar líne cúrsa nua Cibearbhulaíochta chomh maith le cúrsaí reatha maidir leis an bPleanáil Foghlama Digiteach, Aiseolas Measúnaithe agus go leor eile. Féach ar ár gclár reatha le haghaidh smaointe a fháil ar na rudaí ar mhaith leat/le do scoil rochtain a fháil orthu. Cúrsa Samhraidh Bunscoile – Lúnasa Cuirfear tús le clárú inniu (an 12 Bealtaine) don tríú chúrsa samhraidh bunscoile (agus an cúrsa deireanach), ar líne: ‘Tionscadail Ilmheán maidir leis an Aeráid agus Inbhuanaitheacht, an 2-18 Lúnasa’. Cuirfear tús leis an gclárú ar 11:30rn, agus scaoilfear an dara shraith áiteanna níos déanaí, ar 3:30in, chun deiseanna breise a chur ar fáil áit a fháil. (Agus é seo á scríobh, tá áiteanna fós ar fáil ar chúrsa mhí Iúil freisin.) Dea-Chleachtas FíseáinSna físeáin ghearra seo, feicfidh tú raon teicneolaíochtaí, modheolaíochta agus cur chuige ó mhúinteoirí ar gach leibhéal ó ranganna sóisearacha bunscoile go dtí ranganna sinsearacha iar-bhunscoile. Bunscoil Iar-bhunscoil Teicneolaíocht Dálaí Teicniúla agus Ceannaigh Le maoiniú nua, tá sé tábhachtach a chinntiú go ndéanann tú na cinntí ceart maidir le ceannach. Ar ár suíomh gréasáin tá réimse tiomnaithe againn chun cabhrú le scoileanna trealamh TFC atá oiriúnach don fheidhm a cheannach. Má bhíonn comhairle nó tacaíocht uait, cuir ríomhphost chugainn ag ictadvice@pdst.ie. Cuireann na hailt sa réimse seo faisnéis cheannaigh ar fáil maidir le cineálacha éagsúla trealaimh. Mapaí Scoilnet – Sraith Sonraí Nua Chuir Mapaí Scoilnet sraith nua sonraí lena n-amharcóir léarscáile OSi a thaispeánann céatadán na mban a toghadh chuig rialtais áitiúla in Éirinn. Eolas suimiúil is ea é a bhfuil baint ar leith aige le cúrsa Pholaitíocht & Sochaí na hArdteiste. Cartlann Nuachtán na hÉireann Tugann Cartlann Nuachtán na hÉireann rochtain gan sárú do mhúinteoirí agus do scoláirí ar cháipéisí príomhfhoinse trí nuachtáin náisiúnta agus áitiúla a chlúdaíonn na céadta bliain de stair na hÉireann. Tá os cionn 60 nuachtán sa chartlann agus roinnt díobh ag dul siar chomh fada le 1738. Ceachtanna agus Gníomhaíochtaí Faoin Spéir Agus laethanta níos gile agus aimsir níos fearr ar an mbealach, déan do chuid ceachtanna spraíúil tarraingteach lenár mbailiúcháin de Ghníomhaíochtaí Faoin Spéir. Tá naisc ann chuig roinnt réimsí curaclaim ó na Naíonáin Shóisearacha aníos go dtí Rang a Sé, agus is cinnte go bhfaighidh tú roinnt smaointe suimiúla a chuideoidh leat tairbhe a bhaint as do chuid spásanna taobh amuigh. Buaiteoirí Ghradam Lá na Sábháilteachta Idirlín 2022 Comhghairdeas le buaiteoirí Ghradam Lá na Sábháilteachta Idirlín 2022! Bhuaigh Meánscoil na Toirbhearta, Port Láirge, an Feachtas Iomlán is Fearr (Iar-Bhunscoil); Bhuaigh Scoil an Chroí Ró Naofa Íosa i mBaile Átha Cliath 15 an Feachtas Iomlán is Fearr (Bunscoil); agus bhuaigh Ambasadóirí Lá na Sábháilteachta Idirlín Allyssa agus Serene ó Scoil an Chroí Rónaofa, Tulach Mhór Gradam Ceannaireachta Ambasadóra Lá na Sábháilteachta Idirlín. Bhí caighdeán na n-iontrálacha an-ard i mbliana, agus ba mhaith le Webwise buíochas a ghabháil le gach duine a chuir isteach ar Ghradaim Lá na Sábháilteachta Idirlín. Treoirlínte maidir le AUPanna agus Gineadóir AUPanna Tá sraith treoirlínte cabhracha forbartha ag Webwise le húsáid agus Polasaí Úsáide Inghlactha á fhorbairt. Áirítear teimpléad do Pholasaí Úsáide Inghlactha do scoileanna leis an bhfoilseachán freisin. Is féidir Uirlis Gineadóra do Pholasaí Úsáide Inghlactha, ar féidir le gach scoil úsáid a bhaint aisti saor in aisce, a úsáid freisin chun Polasaí Úsáide Inghlactha a oiriúnú bunaithe ar do riachtanais scoile. Cliste faoi na Meáin; Ceacht ar d’eispéireas ar fhógraíocht ar líne a bhainistiú Cuireadh acmhainn bhreise le Webwise.ie, a chabhróidh leis an scoláire eolas a chur ar an bhfógraíocht dhigiteach agus a thabharfaidh na huirlisí riachtanacha dóibh chun cabhrú leo a n-eispéireas fógraíochta ar líne a bhainistiú. Is acmhainn sholúbtha traschuraclaim í seo ar féidir a úsáid mar phlean ceachta neamhspleách nó í a chur in oiriúint mar chuid de cheacht OSPS nó mar chuid de Ghearrchúrsa Litearthachta ar na Meáin Dhigiteacha don tSraith Shóisearach. Níos mó FÍS: Scannánaíocht i Scoileanna 2022- Oscailte le haghaidh Iontrála! Tugtar cuireadh oscailte do bhunscoileanna uile na hÉireann a gcuid scannán a chur isteach sa chomórtas náisiúnta bliantúil Dámhachtainí Scannán FÍS. Ní gá clárú roimh ré. Le cur isteach ar an gcomórtas, iarrtar ar bhunscoileanna ar fud na tíre scannán (suas le) cúig nóiméad a chruthú ar ábhar dá rogha féin. Sula dtosaíonn tú féach ar na rialacha agus na treoirlínte agus na critéir mholtóireachta le haghaidh tuilleadh sonraí. Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiontrálacha ná Dé hAoine, an 24 Meitheamh 2022 ar bhuille 5:00in. Ciste do Bharr Feabhais i Scoileanna – Digiteach/ETIM Bhí lúcháir ar SFGM Teicneolaíocht san Oideachas athcheangail a dhéanamh ar na mallaibh leis na scoileanna ar fad a bhí páirteach sa Chiste do Bharr Feabhais sna Scoileanna ag an imeacht foghlama comhroinnte #SEFDigital #SEFSTEM. Ná déan dearmad gurb é Dé hAoine an 13 Bealtaine 2022 an dáta deiridh le haghaidh maoinithe do 2022-2024 chuig d’ionad oideachais lánaimseartha áitiúil. |
Newsletter Sign-up
Sign-up
To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.