Skip to main content

Beidh cur i láthair á dhéanamh againn ag Comhdháil CESI 2023

9th January 2023

Beidh cur i láthair á dhéanamh ag baill d’fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha Bunscoile agus Iar-bhunscoile ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) ag comhdháil CESI na bliana seo.

Déanfaidh an phríomhcheardlann iniúchadh ar bhealaí nua cruthaitheacha chun dul i ngleic le hábhar curaclaim agus í ag baint úsáide as Réaltacht Bhreisithe (AR). Déanfaimid iniúchadh ar aipeanna éagsúla is féidir a úsáid chun comhtháthú fiúntach AR sa teagasc agus san fhoghlaim a chur chun cinn thar roinnt réimsí curaclaim chun suim na ndaltaí a spreagadh agus a rannpháirtíocht a fheabhsú. Taispeánfaimid samplaí reatha de chomhtháthú AR i seomraí ranga na hÉireann agus de chúrsaí agus d’ábhair threoracha atá ar fáil do mhúinteoirí.

Fiosróidh an seisiún Iar-bhunscoile an chaoi gur féidir le teicneolaíochtaí digiteacha tacú le foghlaimeoirí Bhéarla mar Theanga Bhreise (EAL) agus iad a mhealladh inár seomraí ranga. Éascóimid do mhúinteoirí iniúchadh a dhéanamh ar rogha uirlisí digiteacha a d’fhéadfadh tacú le foghlaimeoirí Bhéarla mar Theanga Bhreise (EAL) rochtain a fháil ar an gcuraclam céanna lena bpiaraí chomh maith le tacú le foghlaimeoirí EAL úsáid a bhaint as a dteanga dhúchais chun a scileanna sóisialta, cognaíochta agus acadúla a neartú.

Beidh comhdháil bhliantúil Chumann Oideachas Ríomhaireachta na hÉireann (CESI) 2023 ar siúl Dé Sathairn an 11 Márta 2023. Beidh CESI ag ceiliúradh a iubhaile leathchéad bliain, agus an ceiliúradh ar fad faoin téama ‘50 Bliain agus Sinn ag Fás’. Beidh an chomhdháil ar siúl ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i gCathair na Gaillimhe.

Tuilleadh >>

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.