Skip to main content

1. Cad é an seachadadh cúrsa/an múnla rannpháirtíochta?

Maidir le cúrsaí ar líne de chuid Oide Teicneolaíocht san Oideachas, is cúrsaí solúbtha ar líne féinthreoraithe iad atá ar fáil 24/7 fad is atá an cúrsa ar oscailt (idir dhátaí an chúrsa). Níl aon ghnéithe ‘beo’ ag baint leo a gcuirfeadh iachall ar rannpháirtithe bheith ar líne ag am ar leith.

Eisíonn roinnt cúrsaí modúil nuair atá an t-ábhar/na gníomhaíochtaí roimhe déanta, ar bhonn seachtain i ndiaidh seachtaine nó tar éis do thréimhse ama áirithe a bheith imithe thart. D’fhormhór na gcúrsaí, bíonn an t-ábhar go léir ar fáil a luaithe agus a osclaíonn an cúrsa. Nuair a dhúnann an cúrsa, ní bhíonn an t-ábhar ar fáil a thuilleadh.

Ní dhéantar modhnóireacht ar fhormhór na gcúrsaí, agus CCanna (Ceisteanna Coitianta) ar fáil mar thacaíocht. Tá ríomh-theagascóir ceangailte le roinnt cúrsaí, a sholáthraíonn leibhéil éagsúla tacaíochta ar líne, modhnóireacht agus measúnú/grádú ag brath ar na riachtanais chun cúrsa ar leith a chríochnú.

2. Cad iad na riachtanais theicniúla atá de dhíth ionas gur féidir le duine rochtain a fháil an gcúrsa?

D’fhonn dul isteach sa chúrsa, beidh na nithe seo de dhíth:

  • gléas oiriúnach,
  • Brabhsálaí atá suas chun dáta agus
  • nasc leathanbhanda maith.

Féach sna sonraí faoin gcúrsa le haghaidh aon riachtanas teicniúil eile a bhaineann le cúrsa ar leith.

3. Cad is gléas oiriúnach ann ó thaobh rochtain a fháil ar an gcúrsa de?

Molaimid ríomhaire glúine, ríomhaire deisce agus/nó táibléad chun do chúrsa a chríochnú. D’fhonn eispéireas úsáideora maith a chinntiú, ná críochnaigh an cúrsa ar fhón cliste le do thoil.

*Oibreoidh an chuid is mó de ghléasanna táibléid go maith le bogearraí ár gcúrsa ach is féidir nach mbeidh roinnt gléasanna, atá níos sine, comhoiriúnach. Maidir le cén sórt gléis atá ag teastáil, tá riachtanais ar leith ag roinnt cúrsaí ag brath ar a n-ábhar. Féach sna sonraí faoin gcúrsa le haghaidh aon riachtanas ar leith.

4. Cad iad na brabhsálaithe gur féidir liom a úsáid?

Molaimid go mbainfí úsáid as an leagan is déanaí de Firefox, Chrome nó Safari.

5. Conas is féidir liom mo chlárúchán a dhearbhú?

Faigheann aon duine a chuirtear ar rolla ríomhphost deimhnithe clárúcháin uathoibríoch agus teachtaireacht ar scáileán ag cur iúl go bhfuil sé/sí ar an rolla anois.

Déan do chomhad turscair a sheiceáil sa chás nach bhfuil tú in ann an ríomhphost maidir le tú a bheith ar an rolla a fheiceáil i do bhosca isteach.

6. Cén fáth nach bhfuil mo chúrsa le feiceáil ar mo dheais?

Nuair a dhúnann cúrsaí, imíonn siad as radharc agus seans go mbeidh an chosúlacht air ansin nach bhfuil tú ar an rolla d’aon chúrsa. Tarlaíonn sé seo go han-mhinic leis na cúrsaí samhraidh do bhunmhúinteoirí. Má tharlaíonn sé seo duitse, logáil isteach arís tar éis dháta tosaithe an chúrsa d’fhonn teacht ar do chúrsa.

7. Ba mhaith liom m’ainm a bhaint den rolla/chuir mé m’ainm ar an rolla trí thimpiste. Cad a dhéanfaidh mé?

Tá eolas le fáil sa ríomhphost deimhnithe clárúcháin maidir le conas agus cathain is féidir le rannpháirtithe iad féin a dhíchlárú ó chúrsaí éagsúla.

Cé go bhfuil cúpla eisceacht ann, is féidir le rannpháirtithe díchlárú de ghnáth ó chúrsaí a tharlaíonn i rith an téarma fad is nach bhfuil siad tosaithe acu. Seol ríomhphost chuig ictonlinecourses@oide.ie agus “Díchláraigh mé” i líne an ábhair agus cuir leis teideal an chúrsa go mba mhaith leat d’ainm a bhaint den rolla.

8. Conas is féidir liom roinnt sonraí ar mo chuntas Scoilnet a athrú?

Sínigh isteach go Bainistíocht Cuntas Scoilnet agus Cliceáil ar ‘Mo Chuntas’ d’fhonn sonraí a fheiceáil, a leasú nó eagarthóireacht a dhéanamh orthu. Féadann tú an pasfhocal a athrú go rud éigin a bhfuil sé níos éasca cuimhneamh air.

9. Conas is féidir liom cabhair a fháil maidir le mo chúrsa?

Má shanntar teagascóir do do chúrsa, beidh a s(h)onraí teagmhála le fáil i bhFógraí an Chúrsa (laistigh de rannán an chúrsa agus seoltar iad trí ríomhphost).

Seachas sin, gheobhaidh tú CCanna breise a bhaineann le páirt a ghlacadh i do chúrsa agus é a chríochnú nuair a logálann tú isteach i do dheais cúrsaí ar líne.

Má tá seiceáil déanta agat sna CCanna ar dtús, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig ictonlinecourses@oide.ie, má tá tú fós i bponc agus gan ríomh-theagascóir agat a d’fhéadfá ceist a chur air/uirthi mar gheall air.

10. An bhfaighim teastas?

Féach sna sonraí faoin gcúrsa le fáil amach an dtugtar teastas. Tá teastas críochnaithe ar fáil le haghaidh fhormhór na gcúrsaí.

Is féidir teacht ar theastais eisithe ar feadh tamaill tar éis chríochnú an chúrsa duit trí logáil isteach arís i ndeais na gcúrsaí ar líne. Gheobhaidh tú é i do Phróifíl>Ilghnéitheach>Teastais.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.