Skip to main content

Comhdháil Náisiúnta Sheachtain na hEolaíochta Ríomhaireachta 2022

25th October 2022

Seoladh chéad Seachtain na hEolaíochta Ríomhaireachta riamh an tseachtain seo agus bhí an Chomhdháil Náisiúnta ar siúl in Óstán Athlone Springs ar 13 Deireadh Fómhair.  Taobh le taobh le taispeántóirí tionscail, léirigh scoláirí ó Bhunscoileanna agus ó Iar-bhunscoileanna na tionscnaimh chruthaitheacha atá ar siúl ina gcuid scoileanna.  D’fhreastail na scoláirí ansin ar cheardlanna in Lego Spike, IS Daonlárnach agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil le Dróin.  Phléigh Príomhchainteoir an lae, Lorraine Underwood, “Conas an domhan a shábháil leis an Eolaíocht Ríomhaireachta”, agus léirigh an lucht spéise suim ar leith ina tionscadal is déanaí – suiteáil idirghníomhach ag Blackpool Illuminations. 


Seoladh dhá thionscnamh spreagúla, Buddy System chun cur ar chumas múinteoirí agus scoileanna nascadh le saineolaithe tionscail chun tacú leo ina dturas oideachais san Eolaíocht Ríomhaireachta agus cuireadh an suíomh gréasáin le haghaidh Faisnéis Ríomheolaíochta nua i bhfeidhm www.computerscienceinfo.ie

Cuireadh deireadh leis an lá le plé painéil eolaigh, faoi chathaoirleacht MC Anthony Kilcoyne (Leas-Stiúrthóir, SGFM) ar “Eolaíocht Ríomhaireachta, eispéiris, dúshláin, tacaíochtaí agus deiseanna”.

D’éirigh thar barr leis an lá maidir le hOideachas agus Oiliúint san Eolaíocht Ríomhaireachta do Chách a chur chun cinn!

Tuilleadh >>

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.