Skip to main content

Craobhiomaitheoir na nDámhachtainí Foghlama do 2023

8th November 2022

Cuireadh SGFM Teicneolaíocht san Oideachas ar ghearrliosta mar chraobhiomaitheoir sa chomórtas Dhámhachtainí Foghlama do 2023

Is é an cúrsa ar líne, a dhear SGFM Teicneolaíocht san Oideachas agus Webwise, le hAmphigean Teo: Cuireadh Buntreoir maidir le hOideachas na Saoránachta Digití ar ghearrliosta i gcatagóir Clár Forbartha na nDaoine don Bhliain 2023.

Eolas faoin gCúrsa

Is cúrsa samhraidh atá ar líne é Buntreoir maidir le hOideachas na Saoránachta Digití le haghaidh múinteoirí bunscoile ar an gceist a bhaineann le Saoránacht dhigiteach.

Is éard atá i gceist le Saoránacht Dhigiteach ná a bheith in ann dul i ngleic do dearfach agus go gníomhach leis an tsochaí trí leas a bhaint as teicneolaíocht dhigiteach. Chun a bheith ina saoránaigh dhigiteacha éifeachtacha, ní mór an t-eolas agus na scileanna riachtanacha a bheith ag daoine óga.

Is é aidhm an chúrsa seo na scileanna agus an tuiscint atá de dhíth ar mhúinteoirí agus ar cheannairí scoile a chur ar fáil dóibh ionas go ndéantar teagasc ar Shaoránacht Dhigiteach agus go gcothaítear cultúr na Saoránachta digití ina gcuid scoileanna.

Is iad 10 dtéama na Saoránachta digití atá an cúrsa bunaithe air a bhaineann le trí chatagóir Daoine Ar Líne, Meabhairshláinte Ar Líne, Cearta Ar Líne. Baintear leas as acmhainní ceachta ó Webwise, lena n-áirítear ‘HTML Heroes’, ‘My Selfie’ agus ‘the Wider World’ agus leabhar oibre ‘All Aboard for Digitown’ de chuid Chomhairle na hEorpa, chomh maith le físeáin dea-chleachtais.

Cuireann an cúrsa samplaí praiticiúla agus straitéisí do mhúinteoirí ar fáil chun dul i ngleic le téamaí na Saoránachta Digití sa seomra ranga. Aithnítear go bhfuil cur chuige scoile uile ag teastáil ó Shaoránacht Dhigiteach ionas go mbeifear éifeachtach, cuirtear bealaí soiléire ar fáil chomh maith chun forbairt na Saoránachta digití a mhapáil chuig caighdeáin agus ráitis an Chreata Foghlama Digití agus próiseas pleanála DL.

Go nuige seo tá an cúrsa curtha ar fáil do 2,899 múinteoir agus ceannaire scoile, a rinneadh faoi dhó in 2021 agus uair amháin in 2022.  Déantar é a éascú ag grúpa ríomh-theagascóirí a bhfuil an-taithí acu, agus na bunmhúinteoirí go léir.

Tá cúrsa iar-bhunscoile níos giorra atá bainteach leis an Saoránacht Dhigiteach ar fáil faoi láthair le linn an téarma chomh maith: Cad is Saoránacht Dhigiteach ann agus Conas í a Mhúineadh (Iar-bhunscoileanna).

Acmhainní Saoránachta Digití Breise

Faigh rochtain ar áiseanna saoránachta digití breise ar www.webwise.ie.

Cúrsaí Breise ar fáil

Faigh rochtain ar sceideal iomlán na gcúrsaí ar líne, lena n-áirítear an cúrsa nua ar an gCibearbhulaíocht atá deartha le Webwise agus ár bhfíseáin dea-chleachtais ar an rannán Chúrsaí agus Cleachtais de shuíomh Gréasáin SGFM Teicneolaíocht san Oideachas.

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.