Skip to main content

1st September 2022

Tá cúrsa nua ar líne maidir le cibearbhulaíocht i mbunscoileanna a thuiscint, a sheachaint agus freagairt di, ar fáil anois.

Tríd an gcúrsa gairid seo, a ghlacfaidh dhá uair an chloig, cuirfear an t-eolas agus na hacmhainní ar fáil duit agus cuirfear an mhuinín ionat chun teagasc faoi chibearbhulaíocht agus chun déileáil le teagmhais chibearbhulaíochta de réir mar a thagann siad chun cinn.

Dearadh é chun eolas a dhéanamh do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile maidir le fadhb na cibearbhulaíochta, ag obair tríd an réimse acmhainní atá ar fáil. Ag deireadh an chúrsa, cuirfear múinteoirí ar a gcumas cur chuige coisctheach oideachais uile a chur chun cinn, deiseanna chun a bheith ag teagasc faoi chibearbhulaíocht a aithint agus úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil chun tuismitheoirí a mhealladh páirt a ghlacadh agus tacaíocht frithbhulaíochta a thabhairt. Beidh rannpháirtithe in ann dul i ngleic le teagmhas cibearbhulaíochta agus cumarsáid a dhéanamh leis na daoine lena mbaineann sé ar bhealach níos muiníní.

Forbartha ag SGFM Teicneolaíocht san Oideachas i gcomhair lenár bhfoireann Webwise.

Féach agus cláraigh tú féin anseo

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.