Skip to main content

Cúrsa nua Cibearbhulaíochta – Iar-Bhunscoil

1st September 2022

Tá cúrsa nua ar líne maidir le cibearbhulaíocht in iar-bhunscoileanna a thuiscint, a sheachaint agus freagairt di, ar fáil anois.

Tríd an gcúrsa gairid seo, a ghlacfaidh dhá uair an chloig, cuirfear an t-eolas agus na hacmhainní ar fáil duit agus cuirfear an mhuinín ionat chun teagasc faoi chibearbhulaíocht agus chun déileáil le teagmhais chibearbhulaíochta de réir mar a thagann siad chun cinn.

Cuirtear gach múinteoir iar-bhunscoile san áireamh leis an sprioclucht féachana, daoine ar féidir leo deiseanna a shainaithint chun teagasc faoi chibearbhulaíocht tríd an gcuraclam agus trí thionscnaimh scoile uile phobalbhunaithe. Féadfaidh go mbeidh suim ach go háirithe ag baill d’fhoireann ceannaireachta agus foireann tréadchúraim agus folláine na scoile, chomh maith leis na cinn bhliana, i ról na scoile i gcruthú cultúr frith-chibearbhulaíochta agus i gcur chun cinn fholláine na ndaltaí, lena n-áirítear folláine ar líne.

Forbartha ag SGFM Teicneolaíocht san Oideachas i gcomhair lenár bhfoireann Webwise.

Féach agus cláraigh tú féin anseo

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.