Físeáin Teagaisc
Chruthaigh comhairleoirí Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM cainéal tiomnaithe YouTube ina bhfuil físeáin teagaisc maidir le bogearraí agus feidhmchláir a bhfuil tóir orthu, lena n-áirítear córais bhainistíochta foghlama agus uirlisí eagarthóireachta físeáin. Tá na físeáin foroinnte mar seo a leanas:
- Ag Tosú
- Uirlisí físghabhála scáileáin
- Scéalaíocht dhigiteach
- Físchomhdáil
- Measúnú & Aiseolas
- Uirlisí digiteacha
Tá roinnt físeán ar fáil trí Ghaeilge freisin.