Skip to main content

Foghlaim Chumaisc

Le linn na dtréimhsí dúnta scoile in 2020 agus 2021 cruthaíodh foireann tacaíochtaí do scoileanna agus do phríomhoidí maidir le foghlaim chumaisc – i gcás go bhfoghlaimíonn na scoláirí i gcás ar líne agus i gcás aghaidh ar aghaidh (ar a dtugtar foghlaim hibrideach freisin).

Tá réimse tacaíochtaí ar fáil don ábhair seo.

Tacaíochtaí do gach scoil

Tacaíochtaí scoile Leathanach le hadhaigh na príomh thacaíochtaí do bhunscoileanna agus iar-bunscoileanna.

Tacaíochtaí bunscoile

Foghlaim Chumaisc: Físeán YouTube- Forléargas Bunscoile Físeán 12 nóiméad ina soláthraítear seicheamh molta le leanúint agus tú ag plé leis na príomhthacaíochtaí SFGM sa réimse (thíos).

Foghlaim Chumaisc: Acmhainn Tacaíochta SFGM Is foshuíomh cuimsitheach de chuid Google é seo ina ndéantar iniúchadh ar na cineálacha éagsúla foghlama cumaisc – samhail seomra ranga athraithe; samhail fhíorúil threisithe; agus samhail an stáisiúin rothlaithe.

Tá ranna ann freisin maidir le pleanáil; machnamh & meastóireacht; agus an réimse tábhachtach um chóipcheart. Déantar ceisteanna teicniúla a iniúchadh freisin, lena n-áirítear físghabháil scáileáin; leabharmharcáil ar líne; comhdháil ar líne; físeáin a chruthú; agus taispeántais a thaifeadadh.

Tacaíochtaí iar-bunscoile

Foghlaim Chumaisc:Físeán YouTube- Forléargas Iar-bhunscoile Físeán 12 nóiméad ina soláthraítear seicheamh molta le leanúint agus tú ag plé leis na príomhthacaíochtaí SFGM sa réimse (thíos). Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhfuil an físeán seo difriúil leis an gceann do bhunscoileanna.

Foghlaim Chumaisc: Acmhainn Tacaíochta Iar-bhunscoile SFGM Is foshuíomh cuimsitheach de chuid Google é seo ina ndéantar iniúchadh ar na cineálacha éagsúla foghlama cumaisc – samhail seomra ranga athraithe agus an tsamhail fhíorúil threisithe.

Déantar ceisteanna teicniúla a iniúchadh freisin, amhail físghabháil scáileáin; leabharmharcáil ar líne; comhdháil ar líne; físeáin a chruthú; agus taispeántais a thaifeadadh.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.