Skip to main content

Tacaíocht Scoile

Soláthraíonn SFGM, trína fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha, tacaíocht shaincheaptha scoile maidir le húsáid éifeachtach na teicneolaíochta digití sa seomra ranga, lena n-áirítear pleanáil don fhoghlaim dhigiteach.

Comhairleoirí Teicneolaíochtaí Digiteacha

Tá comhairleoirí Teicneolaíochtaí Digiteacha ar fáil chun tacaíocht sa scoil, tacaíocht ar líne agus tacaíocht leanúnach a thabhairt do scoileanna ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal araon. Is féidir le scoileanna iarratas amháin a chur isteach ar thacaíocht ghinearálta scoile nach mór do Príomhoide na Scoile é a cheadú. Tugtar cuireadh do scoileanna suas le trí réimse tacaíochta a roghnú ar an iarratas sin.

Is féidir iarratais ar thacaíocht scoile a dhéanamh trí phríomhshuíomh gréasáin SFGM

Tacaíocht Bhonneagair

Má theastaíonn comhairle nó tacaíocht uait maidir le líonrú scoile/Wi-Fi, gléasanna oiriúnacha nó teicneolaíochtaí eile, déan teagmháil le  ictadvice@pdst.ie

Le haghaidh ceisteanna agus tacaíocht leathanbhanda scoile déan teagmháil le broadbandservicedesk@pdst.ie nó cuir glao ar 1800 33 44 66

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.