Skip to main content
Home » Cúrsaí agus Cleachtas » Tacaíocht Scoile

Tacaíocht Scoile

Tá Comhairleoirí Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM ar fáil chun cuidiú le scoileanna ar bhonn aonair. Féadfaidh comhairleoirí scoileanna a threorú i gcur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí digiteacha ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim agus féadfaidh siad FGL a sholáthar nuair is cuí.

Tá iarratais ar thacaíocht ghinearálta scoile don scoilbhliain 2021/22 oscailte anois agus ar fáil anseo.

Tabhair do d’aire gur féidir le scoileanna iarratas amháin a chur isteach ar thacaíocht ghinearálta scoile nach mór do Príomhoide na Scoile é a cheadú. Tugtar cuireadh do scoileanna suas le trí réimse tacaíochta a roghnú ar an iarratas sin. Bheimis buíoch dá dtabharfá sonraí phróifíl do scoile cothrom le dáta freisin lena chinntiú go bhfuil an t-eolas ceart ag an SFGM chun críocha cumarsáide.

Nuair a bheidh d’iarratas curtha isteach gheobhaidh tú admháil ríomhphoist (chuig an seoladh ríomhphoist atá sonraithe ar phróifíl na scoile) agus tabharfar an rogha duit an t-iarratas a phriontáil le haghaidh do thaifead. Déanfaidh comhairleoir SFGM teagmháil leat ansin chun an tacaíocht a eagrú. Tabhair do d’aire, cé go ndéanaimid ár ndícheall freagra a thabhairt ar gach iarratas a dhéantar, go mbraitheann sé sin ar acmhainn foirne agus na acmhainní a bheidh ar fáil ag aon am ar leith.

Línte cabhrach agus pointí teagmhála ginearálta

Má theastaíonn comhairle nó tacaíocht uait maidir le líonrú scoile/Wi-Fi, gléasanna oiriúnacha nó teicneolaíochtaí eile, déan teagmháil linn ag ictadvice@pdst.ie

Le haghaidh ceisteanna agus tacaíocht leathanbhanda scoile déan teagmháil le broadbandservicedesk@pdst.ie nó cuir glao ar 1800 33 44 66

Ba chóir do mhúinteoir, do Phríomhoide nó do Chathaoirleach Boird a dteastaíonn tacaíocht ón SFGM uathu i ndáil le hAlt 24(3) teagmháil a dhéanamh le section24support@pdst.ie

Is féidir le Scoileanna Speisialta iarratas a dhéanamh chuig an NCSE ar thacaíocht freisin. 

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.