Skip to main content

Éirigh níos muiníní le ‘Ríomhshábháilteacht’-cúrsaí ar líne bainteach léi: saoránacht dhigiteach, cibearbhulaíocht agus tuilleadh

Éirigh níos muiníní le ‘Ríomhshábháilteacht’-cúrsaí ar líne bainteach léi: saoránacht dhigiteach, cibearbhulaíocht agus tuilleadh

19th September 2022

Tá sé de chúram ar mhúinteoirí timpeallacht a chruthú ina mbaineann páistí leas as teicneolaíochtaí digiteacha go sábháilte, go heiticiúil agus go freagrach. Chun é seo a dhéanamh tá roinnt cur amach de dhíth ar ábhair amhail iompar díobhálach ar líne, tuiscint ar na meáin agus príobháideachas. I gcás go leor múinteoirí, tá an ríomhshábháilteacht agus an tsaoránacht dhigiteach ag forbairt go han-tapa i réimsí go mba mhaith leo bheith ar a gcompord iontu agus éirí níos muiníní ina leith, agus dá bhrí sin seans gurb é cúrsaí ar líne a dhéanamh an bealach is fearr chun an t-easnamh sin a leigheas.

Seans nach bhfuil uait ach tuiscint níos fearr a fháil ar do ról ó thaobh tacú le ríomhshábháilteacht agus saoránacht dhigiteach? Nó seans go bhfuil fonn ort do chuid daltaí a chur i mbun na hábhair seo a phlé go gníomhach le linn duit na hábhair chéanna mhúineadh sa seomra ranga? Cibé cuspóir atá agat, tá sraith de chúrsaí comhlántacha ar líne againn mar chabhair duit na torthaí foghlamtha atá beartaithe agat a bhaint amach.

Nóta: An bhfuil ceann de na cúrsaí a tharlaíonn níos luaithe sa téarma críochnaithe agat cheana féin, nó an bunmhúinteoir thú a chríochnaigh ár gcúrsa samhraidh ar líne faoi shaoránacht dhigiteach? Más amhlaidh atá, is bealach maith é chun an chéad chéim eile a thógaint páirt a ghlacadh inár gcúrsa nua (bunscoile nó iar-bhunscoile) faoi chibearbhulaíocht. Is féidir leat féachaint ar agus clárú leis na cúrsaí seo ag na naisc thíos.

Sraith de chúrsaí bainteach le ‘Ríomhshábháilteacht’

Is é SFGM Teicneolaíocht san Oideachas a d’fhorbair an tsraith de chúrsaí seo i gcomhar lenár gcomhghleacaithe iWebwise.

Tá gach cúrsa maoinithe go hiomlán agus cuirtear ar fáil iad saor in aisce do mhúinteoirí. Le haghaidh liosta iomlán dár gcúrsaí ar líne go léir, féach ar an rannán faoi chúrsaí ar líne ar ár suíomh gréasáin.

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.