Skip to main content

Is iomaí dúshlán agus athrú atá tagtha ar shaol an mhúinteora ó dúnadh na scoileanna mar gheall ar Covid-19 le gairid.

Tugann ár gcúrsa ar líne ‘Ag Múineadh ar líne nuair atá Scoileanna Dúnta’ leideanna agus smaointe do mhúinteoirí, idir mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile, chun teicneolaíocht a úsáid chun leanúint leis an teagasc i rith an ama seo. Bhí múinteoirí ag roinnt a gcuid leideanna agus a dtaithí féin freisin le chéile ar an gcúrsa.

Seo iad ár ndeich leid is fearr:

1. Úsáid acmhainní reatha

Tá an t-uafás acmhainní ann cheana féin. Téigh chuig foinsí inneachair iontaofa cosúil le Scoilnet.ie, Worldbook Online (arna rochtain trí Scoilnet – NB tá an Worldbook online ar fáil as Gaeilge freisin), agus an raon ríomhleabhar saor in aisce atá ar fáil i gcomhair inneachair. Bunaigh córas i do scoil áit ina ndéanfar inneachar a roinnt i measc múinteoirí. Úsáid láithreoireachtaí agus acmhainní reatha (agus cuir in oiriúint iad más gá) atá cruthaithe agat cheana féin le haghaidh do chuid ranganna agus réimsí ábhair. I gcás múinteoirí bunscoile, abair le do dhaltaí féachaint ar na cláir scoile ar TG4 agus RTÉ. Múinteoirí iar-bhunscoile – smaoinigh faoi TedEx, seirbhísí sruthaithe teilifíse, agus cláir faisnéise ar an teilifís.

Cuimhnigh i gcónaí foinsí inneachair sheachtraigh a sheiceáil sula roinneann tú le scoláirí iad.

2. Cuir acmhainní reatha in oiriúint

Ag leanúint den téama thuas, an bhfuil láithreoireachtaí agat cheana féin a chruthaigh tú agus a bhí tú ag dul a úsáid le do rang? Má tá, bealach iontach chun inneachar pearsanta a chur ar fáil do do scoláirí is ea guth a chur leo, agus cuireann siad ar do chumas topaicí agus coincheapa a mhíniú i d’fhocail féin. Is féidir le scoláirí na hacmhainní taifeadta sin a rochtain ina gcuid ama féin agus iad a chur ar sos, dul siar orthu agus iad a athsheinm de réir mar is gá – an-tairbheach go háirithe do scoláirí a bhféadfadh deacrachtaí foghlama a bheith acu. Uirlisí áisiúla dó seo is ea uirlisí insinte ionsuite atá ar fáil i gcuid mhaith aipeanna agus i gcineálacha bogearraí láithreoireachta. Féadfaidh tú uirlis taifeadta scáileáin a úsáid freisin, cosúil le Loom nó Screencastify chun guthú a dhéanamh ar aon acmhainn dhigiteach.

Seo rang teagaisc ar uirlis taifeadta scáileáin, Screencastomatic, atá tugtha mar shampla duit.

3. Pictiúir d’obair na scoláirí

Is gníomhaíocht teagaisc chianda a bhfuil an-tóir ag na scoláirí féin air ag tógáil pictiúir d’obair lámhscríofa nó tarraingthe, a dhéanann siad ina gcóipleabhair, agus iad á chur isteach i gcomhair measúnú. Tá sé áisiúil freisin do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu toisc nach gcuirtear isteach ach go beag ar a gcuid foghlama. Lena chinntiú go mbeidh caighdeán na n-íomhánna sách maith le go mbeidh tú in ann iad a léamh, bíonn sé áisiúil iarraidh ar an scoláire aip scanta a íoslódáil agus a úsáid – ar an mbealach sin in ionad díreach grianghraf a ghlacadh cruthaíonn sé PDF, agus leis sin bíonn na híomhánna i bhfad níos éasca a léamh agus a rochtain. Bíonn sé níos éasca iad a anótáil freisin.

I measc na n-aipeanna scanta tá, Adobe Scan agus Genius Scan. I measc na n-uirlisí áisiúla chun nótaí a dhéanamh ar seatanna scáileáin tá siad seo, Snip and Sketch le haghaidh Windows agus Skitch le haghaidh Mac.

4. Féinmheasúnú a chur chun cinn

Tá obair na múinteoirí ag dul thar maoil leis an méid ábhar atá á chur isteach ag (formhór) na scoláirí! Tá sé sin an-deacair go speisialta má tá an obair scoile á seoladh trí ríomhphost, rud lena gcaitear ríomhphoist a chomhdú agus lena dteastaíonn scileanna eagraíochtúla ar thaobh na múinteoirí. Cuir rúibricí agus seicliostaí féinmheasúnaithe ar fáil do na scoláirí, ag éileamh orthu measúnú a dhéanamh ar a gcuid oibre féin sula gcuireann siad isteach chugatsa é. Ba cheart go gcabhródh sé sin chun gearradh siar ar an méid dréachtaí oibre a fhaightear agus an méid ama a chaitear á cheartú, agus cuideoidh sé leis na scoláirí forbairt bhreise a dhéanamh ar a scileanna féinmheasúnaithe agus machnaimh.

Gheobhaidh tú roinnt smaointe ach an focal ‘rúibricí’ a chuardach ar www.scoilnet.ie

5. Tiontaigh do ghlór go téacs clóscríofa ar an scáileán

Gearr siar ar an méid ama a theastóidh chun aiseolas do scoláirí a chlóscríobh de láimh trí ghnéithe deachtaithe a úsáid a thiontaíonn do ghlór go téacs ar an scáileán (ar fáil in Word 365/Word Ar Líne, Google Docs agus d’úsáideoirí iPad agus Mac, agus fearais eile nach iad). Caithfidh tú labhairt go soiléir, agus cleachtadh a dhéanamh, ach chomh luath agus a fhaigheann tú cleachtadh ceart air agus go bhfuiltear ag aithint do ghlór i gceart, gearrann sé siar go mór ar an am a chaitheann múinteoir ag clóscríobh! Ná dearmad gurb uirlis é seo atá an-áisiúil do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, ligeann sé dóibh tras-scríobh a dhéanamh ar a nguthanna chun doiciméid scríofa a chruthú.

Seo é an chaoi a n-oibríonn sé in Google docs agus seo treoracha le haghaidh Leathanaigh Apple agus Microsoft Word ar líne.

6. Cuir Aiseolas i bhfoirm Fuaime ar fáil

Úsáid uirlis taifeadta scáileáin chun aiseolas i bhfoirm fuaime a chur ar fáil ar obair na scoláirí. Níl agat a dhéanamh ach an comhad a sheolfaidh siad chugat a oscailt, agus uirlis taifeadta scáileáin a úsáid chun do ghuth a thaifeadadh de réir mar a oibríonn tú tríd an doiciméad agus de réir mar a thugann tú tuairimí maidir leis. Arís, a luaithe is a bheidh cleachtadh agat ar uirlis taifeadta scáileáin a úsáid ar an mbealach sin gearrfaidh sé siar ar an méid ama a bheidh ag teastáil chun aiseolas a chlóscríobh. Is deas an rud don scoláire freisin do ghuth a chloisteáil ar an mbealach sin agus tugann sé deis don scoláire a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aige éisteacht siar le d’aiseolas cúpla uair más gá dó sin a dhéanamh.

Is maith le múinteoirí na hÉireann uirlisí taifeadta scáileáin mar Screencastify, Loom agus Screencastomatic a luadh roimhe seo a úsáid.

7. Smaoinigh níos faide chun cinn nuair a bheidh inneachar nua á chruthú agat

Má tá físeáin teagaisc á gcruthú agat, cuir i gcás chun fadhbanna matamaitice a thaispeáint, chun líníochtaí teicniúla a chruthú, nó láithreoireachtaí le guthú déanta orthu, smaoinigh ar an úsáid níos fadtéarmaí a bhainfear astu. An mbeidh tú in ann iad seo a úsáid i do chuid teagaisc nuair a fhillfidh tú ar an seomra ranga? Ach córas láidir bainistíochta comhad a bheith agat, le fillteáin agus fo-fhillteáin ar leith le haghaidh topaicí ar leith chomh maith le hainmneacha a chuireann rud éigin i gcuimhne duit, a thógfaidh tamaillín ort a chur i dtoll a chéile anois, bainfidh tú tairbhe breá astu níos déanaí nuair a bheidh tú in ann na hacmhainní a aimsiú go tapa, gan ort féachaint orthu ar dtús! Smaoinigh ar na físeáin seo a úsáid chun ‘malairt foghlama’ a dhéanamh ar fhilleadh chun na scoile duit.

Seo beochan ghearr a chruthaíomar le déanaí dár gcúrsaí samhraidh maidir leis an gcoincheap a bhaineann le ‘malairt foghlama’.

8. Roinn d’inneachar

Ná dearmad go bhféadfadh do chuid acmhainní a bheith áisiúil do líon mór múinteoirí eile laistigh de do scoil agus lasmuigh de. Is smaoineamh iontach é tiomántán nó fillteán comhroinnte a chruthú laistigh de chóras bainistíochta foghlama do scoile, áit a roinneann na múinteoirí go léir acmhainní, agus leis sin seachnaítear dúbailt iarrachta. Smaoinigh freisin ar d’acmhainní cruthaithe a roinnt leis an domhan mór trí Scoilnet. Trí acmhainn oideachais a uaslódáil, cur síos a thabhairt, agus é a chlibeáil leis an gcuraclam beidh tú ag cabhrú le múinteoirí gearradh siar ar am luachmhar a chaitear ag cruthú agus ag aimsiú acmhainní oideachais ar líne.

Gheobhaidh tú amach anseo conas acmhainn a uaslódáil ar Scoilnet – Eolas Bunúsach a Uaslódáil.

9. Bain leas as saineolas do chomhghleacaithe

Beidh cohórt múinteoirí ag formhór scoileanna ar saineolaithe foghlama digití iad – ní hamháin sa chaoi a ndéanann siad comhtháthú ar theicneolaíochtaí digiteacha i dteagasc, foghlaim agus measúnú, ach a scileanna cruthaithe teicneolaíochta agus ilmheán freisin. Ná bíodh drogall ort cúnamh a lorg má bhíonn deacracht agat leis na hardáin scoile agus leis na huirlisí a úsáidtear. Mar an gcéanna, má tá an-chur amach agat féin ar theicneolaíocht, uirlis nó ardán ar leith, smaoinigh ar chabhair a thairiscint do chomhghleacaithe trí cheardlann ar líne a phleanáil, áit a mbeidh tú in ann do scáileán a roinnt agus a thaispeáint conas is féidir uirlisí áirithe a úsáid.

Tá siad seo a leanas i measc na n-uirlisí a úsáidtear go minic le haghaidh cruinnithe ar líne inar féidir an scáileán a roinnt Google Hangouts, Microsoft Teams, Zoom, Webex, agus cinn eile nach iad.

10. Fiafraigh de na scoláirí cén chaoi a bhfuil ag éirí leo

Ar deireadh, is deacair a dhéanamh amach na laethanta seo cén chaoi a mothaíonn na scoláirí faoin obair scoile agus cibé an bhfuil siad ag streachailt le gnéithe den obair, nó go deimhin cé chomh maith is atá an chianfhoghlaim ag obair dóibhsean. Tabharfaidh suirbhéanna gearra deis duit cúpla ceist a chur ar scoláirí agus féachaint cén chaoi atá ag éirí leo leis an mbealach nua foghlama seo. Cuir ceisteanna sonracha faoin gcaoi a leagann tú amach a gcuid oibre, a ndéanann tú measúnú air, an méid oibre, an leibhéal deacrachta. Ba cheart go bhfaighfeá aiseolas áisiúil ó do chuid scoláirí nach mb’fhéidir a gheofá uathu istigh sa seomra ranga. I gcás scoláirí níos óige nó scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu smaoinigh ar suirbhé a sheoladh chuig tuismitheoirí ar an gcaoi chéanna.

I measc na n-uirlisí suirbhéireachta áisiúla tá Google Forms agus Survey Monkey ach tá neart cinn eile ann.


Chun tuilleadh smaointe a fháil ar theagasc na laethanta seo, féach ar ár leathanaigh ghréasáin thiomanta anseo agus anseo. Chun faisnéis a fháil ar thosca sábháilteachta idirlín tábhachtacha ar cheart smaoineamh orthu an aimsir seo, lena n-áirítear AUPanna agus nithe eile, féach www.webwise.ie. Chun ár réamhchúrsaí gearra a rochtain ar theagasc ar líne ar TeacherCPD.ie, ina gcuimsítear fóram plé áit a roinneann múinteoirí a gcleachtas i rith an ama seo, cliceáil anseo.

Nóta: Toisc na n-uirlisí agus na suíomhanna gréasáin seachtracha a chur san áireamh san alt thuas, ní hionann é sin agus formhuiniú ó SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas.

English version

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.