Skip to main content

Alt a scríobhadh le linn dúnadh scoileanna ina bhfuil leideanna maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha is féidir a chur i bhfeidhm maidir leis an teagasc laistigh agus lasmuigh den seomra ranga.

Inár gcúrsa ar líne ‘Ag Teagasc ar Líne do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Iar-bhunscoile’ cuirtear leideanna agus smaointe ar fáil do mhúinteoirí, maidir le conas an teicneolaíocht a úsáid chun leanúint leis an teagasc le linn na tréimhse seo.

Seo iad ár ndeich leid is fearr, agus tá go leor díobh roinnte ag múinteoirí:

1. Acmhainní atá ann cheana a úsáid

 Tá an oiread sin acmhainní ar fáil cheana féin. Féach ar fhoinsí iontaofa ábhair ar nós Scoilnet.ie, an Leabhar Domhanda ar Líne (ar fáil trí Scoilnet – NB Tá an Leabhar Domhanda ar Líne ar fáil as Gaeilge freisin), agus an raon ríomhleabhar saor in aisce atá ar fáil faoi láthair le haghaidh ábhair. Cuir córas ar bun i do scoil trína roinntear ábhar i measc múinteoirí. Bain úsáid as (agus cuir in oiriúint más gá) na cuir chuige agus na hacmhainní atá cruthaithe agat cheana féin do do ranganna agus do réimsí ábhair. Do mhúinteoirí bunscoile, iarr ar do scoláirí féachaint ar na cláir scoile ar TG4 agus RTÉ. Múinteoirí iar-bhunscoile – smaoinigh ar TedEx, seirbhísí sruthaithe teilifíse, agus cláir faisnéise ar an teilifís.

Cuimhnigh i gcónaí foinsí seachtracha ábhair a sheiceáil sula roinnfidh tú iad le scoláirí.

2. Acmhainní atá ann cheana a chur in oiriúint

Ag leanúint leis an téama thuas, an bhfuil cuir i láthair cruthaithe agat cheana féin a bhí tú chun úsáid le do rang? Má tá, is bealach iontach é insint fuaime a chur leo sin chun ábhar pearsantaithe a sholáthar do do scoláirí, agus cuireann sé ar do chumas topaicí agus coincheapa a mhíniú i d’fhocail féin. Is féidir teacht ar na hacmhainní taifeadta seo in am na scoláirí féin agus iad a chur ar sos, chúlchasadh agus a athsheinm de réir mar is gá – go háirithe chun leas scoláirí a bhféadfadh deacrachtaí foghlama a bheith acu. Uirlisí úsáideacha faoi choinne sin is ea uirlisí insinte ionsuite atá ar fáil ina lán aipeanna agus cineálacha bogearraí cur i láthair. Is féidir leat uirlis taifeadta scáileáin a úsáid chomh maith ar nós LoomScreencastify chun guth a thaifeadadh ar aon acmhainn dhigiteach.

Seo rang teagaisc ar uirlis taifeadta scáileáin, Screencastomatic, mar shampla.

3. Déan grianghraif d’obair na scoláirí a mheasúnú agus a anótáil

Is gníomhaíocht chiantheagaisc a bhfuil an-tóir uirthi go fóill í go nglacann scoláirí grianghraif d’obair lámhscríofa nó tharraingthe, a dhéantar go minic i gcóipeanna, agus iad sin a chur isteach lena measúnú. Tá sé úsáideach do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu chomh maith, mar is féidir leis cur isteach ar a gcuid foghlama a íoslaghdú. Lena chinntiú go bhfuil caighdeán na n-íomhánna maith go leor duit lena léamh, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach a iarraidh ar na scoláirí aip scanta a íoslódáil agus a úsáid – ar an mbealach sin, seachas grianghraf a ghlacadh, cruthaíonn siad PDF, rud a fhágann go mbeidh sé i bhfad níos éasca na híomhánna a dhéanamh, a léamh agus a rochtain. Bíonn sé níos éasca anótáil a dhéanamh chomh maith.

I measc samplaí d’aipeanna scanta tá, Adobe Scan agus Genius Scan. Áirítear ar uirlisí úsáideacha chun nótaí a anótáil ar sheatanna scáileáin, Snip and Sketch do Windows agus Skitch for Mac.

4. Féinmheasúnú a chur chun cinn

Bíonn go leor múinteoirí báite leis an méid mór oibre atá á chur isteach ag (formhór) na scoláirí! Tá seo thar a bheith deacair má tá obair scoile á seoladh trí ríomhphost, rud a fhágann go dteastaíonn ardscileanna comhdúcháin agus eagrúcháin ríomhphost ó mhúinteoirí. Cuir rúibricí agus seicliostaí féinmheasúnaithe ar fáil do na scoláirí, agus iarr orthu a gcuid oibre féin a mheas sula gcuirfidh siad isteach chugatsa é. Ba chóir go gcuideodh sé sin le líon na ndréachtaí oibre a fhaightear agus ar an am a chaitear á gceartú a laghdú, agus chuideodh sé leis na scoláirí a scileanna féinmheasúnaithe agus machnaimh a fhorbairt tuilleadh ag an am céanna.

Cuirfidh cuardach an fhocail ‘rubrics’ ar www.scoilnet.ie roinnt smaointe ar fáil duit.

5. Aistrigh do ghuth go téacs clóscríofa ar an scáileán 

Gearr síos ar an méid ama a theastaíonn chun aiseolas do scoláirí a chlóscríobh de láimh trí úsáid a bhaint as gnéithe deachtaithe lena n-aistrítear do ghuth go téacs ar an scáileán (ar fáil in Word 365/Word Online, Google Docs agus d’úsáideoirí iPad agus Mac, i measc gléasanna eile). Beidh ort labhairt go soiléir, agus é a chleachtadh cúpla uair, ach nuair a rachaidh tú i dtaithí air agus nuair a aithneofar do ghuth i gceart, d’fhéadfadh sé laghdú suntasach a dhéanamh ar an am a chaitear ag clóscríobh! Ná déan dearmad gur uirlis í seo atá an-úsáideach do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, á chur ar a gcumas a nguthanna a thras-scríobh chun doiciméid scríofa a chruthú. Is bealach áisiúil é freisin chun doiciméid agus acmhainní a chruthú go tapa.

Seo mar a oibríonn sé in Google docs agus seo treoracha le haghaidh Apple Pages agus Microsoft Word ar líne.

6. Cuir Aiseolas Fuaime ar fáil 

Bain úsáid as uirlis taifeadta scáileáin chun aiseolas fuaime ar obair na scoláirí a sholáthar. Níl le déanamh ach an comhad a sheol siad chugat a oscailt, agus do ghuth a thaifeadadh agus tú ag obair tríd an doiciméad agus ag trácht air. Arís, nuair a éireoidh tú cleachta leis an uirlis taifeadta scáileáin a úsáid ar an mbealach sin laghdóidh sé an méid ama a theastaíonn chun aiseolas a chlóscríobh. D’fhéadfadh sé go gcuirfí na scoláirí ar a suaimhneas do ghuth a chloisteáil ar an mbealach sin chomh maith le deis a thabhairt do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu éisteacht le d’aiseolas go minic más gá.

Tá an-tóir ag múinteoirí Gaeilge ar uirlisí taifeadta scáileáin ar nós Screencastify, Loom agus Screencastomatic a luadh níos luaithe.

7. Smaoinigh ar bhonn níos fadtéarmaí agus ábhar nua á chruthú agat 

Má tá físeáin theagaisc á gcruthú agat, mar shampla, ina léirítear fadhbanna matamaitice, ina gcruthaítear líníochtaí teicniúla, nó ina bhfuil cuir i láthair ghuthaithe, déan iarracht smaoineamh ar a n-úsáid ar bhonn níos fadtéarmaí. An mbeidh tú ábalta iad sin a úsáid i do theagasc nuair a fhillfidh tú ar an seomra ranga? D’fhéadfadh sé go nglacfadh sé breis ama anois má bhíonn córas láidir bainistíochta comhad agat, ina bhfuil fillteáin agus fofhillteáin topaicí tiomnaithe chomh maith le hainmneacha iomasacha do do chomhaid, ach bainfidh tú tairbhe as níos déanaí nuair is féidir leat na hacmhainní sin a aimsiú go tapa, gan bheith ort féachaint orthu ar fad ar dtús! Smaoinigh ar na físeáin sin a úsáid chun ‘do sheomra ranga a athrú’ nuair a fhillfidh tú ar scoil.

Seo beochan gearr a chruthaíomar le déanaí dár gcúrsaí samhraidh ar an gcoincheap ‘an seomra ranga a athrú’.

8. Roinn d’ábhar

Ná déan dearmad go bhféadfadh do chuid acmhainní a bheith úsáideach don oiread sin múinteoirí eile laistigh scoil agus lasmuigh de do scoil. Is iontach an smaoineamh é tiomántán nó fillteán roinnte a chruthú laistigh de chóras bainistíochta foghlama do scoile, ina roinneann gach múinteoir acmhainní, agus d’fhéadfadh sé cuidiú le dúbailt iarrachta a sheachaint. Smaoinigh ar do chuid acmhainní cruthaithe a roinnt leis an domhan mór trí Scoilnet chomh maith. Trí acmhainn oideachais a uaslódáil, cur síos a sholáthar, agus í a chlibeáil ar an gcuraclam, beidh tú ag cuidiú le múinteoirí eile gearradh siar ar an am luachmhar a chaitear ag cruthú agus ag aimsiú acmhainní oideachais ar líne.

Seo conas acmhainn a uaslódáil ar Scoilnet.

9. Bain leas as saineolas do chomhghleacaithe

Beidh cohórt múinteoirí i bhformhór na scoileanna ar saineolaithe iad ar an bhfoghlaim dhigiteach – ní hamháin i gcomhthéacs an dóigh a gcomhtháthaíonn siad teicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú, ach freisin a scileanna teicniúla, cruthaithe ilmheán agus fiú scileanna ríomhtheagaisc. Ná bíodh eagla ort cuidiú a iarraidh má tá deacracht agat leis na hardáin agus na huirlisí scoile a úsáidtear. Mar an gcéanna, má tá an-eolas agat ar theicneolaíocht, uirlis nó ardán áirithe, smaoinigh ar chuidiú a thairiscint do do chomhghleacaithe trí cheardlann ar líne a sceidealú, áit ar féidir leat do scáileán a roinnt agus conas uirlisí áirithe a úsáid a thaispeáint.

Áirítear le huirlisí a bhfuil tóir orthu le haghaidh cruinnithe ar líne a éascaíonn comhroinnt scáileáin Google Hangouts, Microsoft Teams, Zoom, Webex, agus go leor eile.

10. Cuir ceist ar na scoláirí conas atá ag éirí leo

Ar deireadh, le linn na tréimhse seo d’fhéadfadh sé a bheith deacair a mheas conas a mhothaíonn scoláirí faoi obair scoile agus cé chomh maith is atá an chianfhoghlaim ag obair dóibh. Le suirbhéanna gairide is féidir leat seiceáil a dhéanamh ar na scoláirí agus conas mar atá ag éirí leo leis an mbealach nua foghlama seo a fheiceáil. Cuir ceisteanna sonracha faoin méid oibre, an leibhéal deacrachta, conas a dhéantar é a mheasúnú. Tabharfaidh go leor scoláirí aiseolas luachmhar duit nach féidir leo a roinnt leat duine le duine de ghnáth. Do scoláirí níos óige nó do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu smaoinigh ar shuirbhé a dhéanamh ar thuismitheoirí ar an mbealach céanna.

I measc roinnt uirlisí suirbhé a bhfuil tóir orthu tá Google Forms agus Survey Monkey ach tá go leor eile ann.

Chun tuilleadh smaointe a fháil ar theagasc le linn na tréimhse seo, lena n-áirítear ranganna teagaisc úsáideacha agus comhairle eile, féach ar ár leathanaigh ghréasáin chianfhoghlama anseo agus anseo Is féidir leat rochtain a fháil freisin ar an acmhainn foghlama cumaisc SFGM anseo.

Chun eolas a fháil ar thosca tábhachtacha sábháilteachta idirlín ar cheart iad a chur san áireamh le linn na tréimhse seo, lena n-áirítear AUPanna agus cúrsaí eile, féach ar alt Webwise ar Comhairle agus Breithnithe Sábháilteachta maidir leis an gCianfhoghlaim.  

Chun teacht ar ár ngearrchúrsa tosaigh ar theagasc ar líne ar TeacherCPD.ie, cliceáil anseo.

Nóta: Ní hionann cuimsiú na n-uirlisí agus na suíomhanna gréasáin seachtracha san alt thuas agus formhuiniú ó SFGM-Teicneolaíocht san Oideachas.

As Gaeilge

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.