Skip to main content

Físeáin Dea-chleachtais

21st March 2022

Sna físeáin ghearra seo, feicfidh tú raon teicneolaíochtaí, modheolaíochta agus cur chuige ó mhúinteoirí ar gach leibhéal ó ranganna sóisearacha bunscoile go dtí ranganna sinsearacha iar-bhunscoile. An mhí seo, táimid ag cur béime ar an méid seo a leanas:

Bunscoil
San fhíseán seo, déanann Martin Moore, múinteoir i Scoil Náisiúnta Talbóid, cur síos ar an gcaoi a n-úsáideann a rangsa áiseanna ilmheán le tionscadail a chruthú ar chúrsaí aeráide agus cúrsaí inbhuanaitheachta.

Iar-bhunscoil
San fhíseán seo, úsáideann Ciara Ní Dhrisceoil, múinteoir i nGaelcholáiste Luimnigh, an teicneolaíocht chun an comhoibriú a spreagadh agus a éascú. Úsáideann scoláirí an t-idirlíon le taighde a dhéanamh, Google Sheets le torthaí taighde a thiomsú agus Google Slides le cur i láthair grúpa a dhéanamh. Roghnaigh CC agus Béarla nó Gaeilge le haghaidh fotheideal.

Cliceáil ar an nasc thíos chun tuilleadh físeán a fheiceáil.

Tuilleadh >>

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.