Skip to main content

Físeáin Dea-chleachtais

20th April 2022

Sna físeáin ghearra seo, feicfidh tú raon teicneolaíochtaí, modheolaíochta agus cur chuige ó mhúinteoirí ar gach leibhéal ó ranganna sóisearacha bunscoile go dtí ranganna sinsearacha iar-bhunscoile. An mhí seo, táimid ag cur béime ar an méid seo a leanas:.

Bunscoil
San fhíseán seo, déanann Kate Murray, ó Scoil Náisiúnta Naomh Agaistín Chluain Tuaiscirt, cur síos ar an gcaoi a mbaineann a scoil feidhm as na hilmheáin chun páirt rialta a ghlacadh i dtionscadal faoin athrú aeráide.

Iar-bhunscoil
San fhíseán seo, déanann an múinteoir Ciara Ní Dhrisceoil, ó Ghaelcholáiste Luimnigh, cur síos ar an gcaoi ar bhain sí feidhm as Zoom le scoláirí – go háirithe pobalbhreitheanna, seomraí ‘briseadh amach’ agus an clár bán –chun comhoibriú a spreagadh thar thréimhsí dianghlasála. Roghnaigh CC agus Béarla nó Gaeilge le haghaidh fotheideal.

Cliceáil ar an nasc thíos chun tuilleadh físeán a fheiceáil.

Tuilleadh >>

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.