Skip to main content

Foilsíonn an tAire Foley an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027, agus fógraíonn sí €50 milliún i maoiniú TFC

Foilsíonn an tAire Foley an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027, agus fógraíonn sí €50 milliún i maoiniú TFC

21st April 2022

D’fhógair Norma Foley TD, an tAire Oideachais, inniu, an 13 Aibreán, foilsiú na Straitéise Digití do Scoileanna go dtí 2027 agus íocaíocht €50 milliún i maoiniú deontais do bhonneagar teicneolaíochta digití do gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta.

Mar thoradh ar an straitéis seo, déanfar dul chun cinn ar chur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí digiteacha ar fud an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe, ag tógáil ar an obair a rinneadh faoi na straitéisí roimhe seo. Tá sé mar aidhm léi tacaíocht bhreise a thabhairt don chóras scoileanna ionas gur féidir leis na scoláirí uile inár scoileanna ar fad an deis a fháil leis an eolas agus na scileanna a bhaint amach atá ag teastáil uathu chun a mbealach a dhéanamh go rathúil i saol digiteach a bhíonn ag athrú de shíor.

https://www.gov.ie/en/press-release/423f8-minister-foley-publishes-digital-strategy-for-schools-to-2027-and-announces-payment-of-50-million-in-ict-grant-funding-for-schools/

Tógtar ar éachtaí agus uaillmhian na straitéise roimhe leis an Straitéis Dhigiteach agus tá sé mar aidhm léi tacaíocht bhreise a thabhairt don chóras scoileanna chun a chinntiú go mbíonn ag na foghlaimeoirí uile an deis leis an eolas agus na scileanna a bhaint amach atá ag teastáil uathu chun a mbealach a dhéanamh go rathúil i saol digiteach a bhíonn ag athrú de shíor. Forbraíodh an straitéis tar éis próiseas comhairliúcháin leathan fairsing agus leagtar cuspóirí ardleibhéil amach inti faoi thrí phríomhcholún.

https://www.gov.ie/en/publication/69fb88-digital-strategy-for-schools/

Nasc chuig an PDF: https://assets.gov.ie/221285/6fc98405-d345-41a3-a770-c97e1a4479d3.pdf

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.