Eolas Fúinn

Tacaíonn SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas le comhtháthú ICT sa teagasc agus san fhoghlaim i mbunscoileanna agus i meánscoileanna agus déanann sé é a chur chun cinn. Is cuid den tseirbhís náisiúnta tacaíochta é – an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí – a fheidhmíonn faoi choimirce na Roinne Oideachais agus Scileanna. Is faoi chúram an Ionaid Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (NCTE) a bhí feidhmeanna an SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas roimhe seo. Comhcheanglaíodh an NCTE san SFGM i mí an Mheithimh 2012. Tá SFGM faoi bhainistíocht Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar (DWEC).
Baineann dhá chatagóir ar leith le príomhfheidhmeanna an SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas:
- Lear seirbhísí tacaíochta ICT a thabhairt do scoileanna
- Forbairt beartais, feidhmeanna straitéiseacha agus feidhmeanna riaracháin
Tá na hoifigí suite i gcampas Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i nGlas Naíon.
Seoladh: PDST Technology in Education (formerly NCTE), INVENT, Dublin City University, Glasnevin, Dublin 9
Guthán: 01 7008200
Facs: 01 7008210
Ríomhphost: technologyineducation@pdst.ie
Saorghlao Dheasc Seirbhísí Leathanbhanda na Scoileanna: 1800 334466
Ríomhphost Dheasc Seirbhísí Leathanbhanda na Scoileanna: broadbandservicedesk@pdst.ie
Léigh anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi stair agus faoi chúlra an SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas agus faoin mBeartas ICT.