Skip to main content

Lá Foghlama Roinnte do Bhraisle SEF

3rd May 2022

Bhí gliondar orainn fáilte a chur roimh 74 ball dár gclár Ciste um Barr Feabhais Scoileanna (SEF) go Páirc an Chrócaigh ar an Déardaoin, 28 Aibreán 2022, le haghaidh lá foghlama roinnte.

Bunaíodh cláir an Chiste um Barr Feabhais Scoileanna – Digiteach agus ETIM chun úsáidí nuálacha na dteicneolaíochtaí digiteacha agus ETIM sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú a chur chun cinn trí chomhoibriú cnuasach scoileanna ar thionscadail ar leith.

Eagraithe ag an Roinn Oideachais agus an SFGM/SFGM Teicneolaíocht san Oideachais, reáchtáladh an lá foghlama roinnte seo chun deis a thabhairt do scoileanna machnamh a dhéanamh ar a n-eispéiris maidir le páirt a ghlacadh sna braislí digiteacha agus ETIM, mar a chuirtear clabhsúr ar an gclár. Tá an lá foghlama roinnte seo mar chuid de mheasúnú ar an gclár, atá ar siúl ag H2 Learning ar son an Roinn Oideachais.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis na tionscadail SEF, tabhair cuairt ar leathanach Gréasáin na gCnuasach Digiteach.

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.