Skip to main content

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2023, á cheiliúradh in Éirinn

10th March 2023

Bhí beagnach 200,000 páiste agus duine óg ar fud na hÉireann páirteach i ngníomhaíochtaí chun an Lá na Sábháilteachta Idirlín 2023 a chomóradh! Rinne scoláirí agus scoileanna ceardlanna a óstáil, thug siad faoi cheachtanna agus láithreoireachtaí, rinne siad díospóireachtaí a reáchtáil, podchraoltaí agus físeáin a thaifeadadh, thug siad faoi ghníomhaíochtaí códaithe, rinne siad comórtais póstaer a reáchtáil, amhráin a scríobh agus a chasadh agus go leor leor eile!

Is é ba théama do #SID2023 ná cur chun cinn an mheasa agus forbairt na comhbhá ar líne, agus mar chuid de, bhí imeacht faoi stiúir scoláirí ann chun plé a dhéanamh ar bhuntáistí agus dúshláin ar líne agus chun deiseanna a fhiosrú le pobail ar líne níos caoinfhulangaí ionchuimsithí a chruthú. Ba lena linn freisin a seoladh an feachtas feasachta #FinnéCiúin.

Tuilleadh >>

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.