Skip to main content

Lá na Sábháilteachta Idirlín: Seimineár Gréasáin

30th January 2023

Imeacht bliantúil is ea Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte é chun úsáid shábháilte fhreagrach an idirlín agus na dteicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn. I mbliana beidh Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte ar siúl Dé Máirt, an 7 Feabhra. Tá an foireann Theicneolaíochtaí Digiteacha SGFM ag tairiscint seimineár gréasáin do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile chun tacú le scoileanna a bheith páirteach san imeacht seo.

Sna seimineáir ghréasáin beidh

  • Bealaí a phlé againn inar féidir le pobail scoile a bheith páirteach i Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte
  • Iniúchadh a dhéanamh againn ar na hacmhainní atá ar fáil do mhúinteoirí agus do mhic léinn chun sábháilteacht ar líne a chur chun cinn
  • Beartais scoile agus náisiúnta a shainaithint againn ina mbaineann le húsáid idirlín níos sábháilte

Beidh an seimineár gréasáin do bhunscoileanna ar siúl Dé Máirt, an 2 Feabhra ar 3:15 pm. Tabhair cuairt le do thoil ar tinyurl.com/SIDWebinar23 chun clárú

Beidh an seimineár gréasáin do scoileanna iar-bhunscoile ar siúl Dé Máirt, an 2 Feabhra ar 4:15 pm. Tabhair cuairt le do thoil ar tiny.cc/PP-SID-Webinar chun clárú

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.