Skip to main content

Mol Scoile Úcránach Nua

7th June 2022

Seoladh an Mol Scoile Úcránach Nua (http://nushub.org/), moll saor in aisce a thiomsaíonn acmhainní oideachasúla, agus faisnéis chun tacú le teifigh Úcránacha, is cuma cá bhfuil siad, ar Lá na bPáistí mar atá fógartha ag an gCoimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, Taighde, Cultúr, Oideachas agus an Óige, Mariya Gabriel. Forbartha ag an European Edtech Alliance e.V. (EEA) agus an Tionscadal “Learning Together”, soláthraíonn an mol rochtain ar réitigh forlíontacha edtech agus ar ardáin Úcránacha foghlama ar líne.  Anuas air sin, soláthraíonn an mol rochtain dhíreach ar fhaisnéis oiriúnach rochtana oideachais saintíre nó áitiúil.

Is í aidhm an mhoil ná chun cinntiú go bhfuil an cumas ag foghlaimeoirí, teaghlaigh, oideoirí agus tacadóirí áitiúla chun uirlisí a aimsiú go tapa beag beann ar cá dtógann a n-aistear iad le linn na seachtainí agus míonna atá romhainn. Rud atá tábhachtach, tacaíonn sé seo freisin le comhtháthú na n-acmhainní Úcránacha agus na bhfoghlaimeoirí agus teagascóirí Úcránacha in éiceachórais áitiúla nó réigiúnacha.

Dar le Bainisteoir Stiúrtha den European Edtech Alliance e.V., Beth Havinga, is príomhspreagadh é an Edtech inár n-éiceachóras oideachais agus bíonn ról ríthábhachtach aige i dtacú le cúrsaí solúbtha foghlama do dhaoine easáitithe. Dúirt Havinga go bhfuil sé tábhachtach leas a bhaint as na hardáin iomadúla atá ag cur eolais ar fáil do theifigh maidir lena bhfoghlaim agus teagasc chun an t-eolas agus na hacmhainní seo a dhéanamh éasca chun rochtain a fháil orthu.

Tá an tionscnamh maoinithe ag Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Fionlainne chomh maith leis an gCoimisiún Eorpach. Ag díriú ar acmhainní le haghaidh riarthóirí scoile, oideoirí, foghlaimeoirí agus iad siúd atá ag tacú le foghlaimeoirí ar nós a dteaghlach, a dteaghlach óstach nó a bpobal, tógann sé ar an mbailiúchán atá ann cheana de 200 tairiscint Edtech ó 20 ballstát, á dtiomsú ag an European EdTech Alliance e.V.  (EEA) agus bonneagar an Tionscadal “Learning Together”. Faigheann an tionscadal tacaíocht freisin ó Ollscoil Heilsincí, Finnish Consulting Group Ltd, agus comhoibríonn sé le hAireacht Chlaochlaithe Dhigitigh na hÚcráine (MDT) agus UNICEF. Tá an tionscnamh ailínithe le cuspóirí Phlean Ghníomhaithe Oideachais Dhigitigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, a chuireann le forbairt éiceachóras ardfheidhmíochta oideachais dhigitigh san Eoraip.

Míníonn Jarkko Lampiselkä, Príomhchomhairleoir Teicniúil an Tionscadal “Learning Together”, gur minic a mbíonn sé deacair acmhainní a thacaíonn le foghlaimeoirí agus oideoirí, agus iad ag dul i ngleic leis an gcás dúshlánach seo, a aimsiú, cé go bhfuil go leor acmhainní den chineál seo ann.  Dúirt Lampiselkä go gcaithfidh na milliúin foghlaimeoirí agus teagascóirí Úcránacha deiseanna áitiúla oideachais a ghlacadh nó leanúint ar aghaidh lena gcuid staidéir mar a leanann siad ar aghaidh ag bogadh trí bhallstáit an AE.

Comhpháirtithe an Mhoil:

An Tionscadal “Learning Together”: An Fhionlainn

Agus

An European Edtech Alliance:

Is cuibhreannas neamhbhrabúsach é an European Edtech Alliance e.V. (EEA) de chomhlachais náisiúnta trádála agus braislí a oibríonn le 2460 bunaitheoirí agus soláthróirí den teicneolaíocht oideachais (Edtech), chun tacú le fás dúchasach agus idirnáisiúnta na teicneolaíochta oideachais agus na nuálaíochta san oideachas.  Tá dhá phríomhréimse dírithe ag an gcomhaontú: obair beartais agus tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus méaduithe Edtech. Tríd an dá bhealach seo, forbraíonn an EEA léargais, acmhainní agus uirlisí tábhachtacha is féidir a úsáid chun tacú le forbairt inbhuanaitheach taobh istigh den éiceachóras oideachais. Ó mhí Feabhra 2022, bhailigh an EEA na céadta acmhainn agus d’fhorbair sé córas críochnúil meitichlibeála le haghaidh ábhair bhreise agus churaclambhunaithe a thacaíonn le foghlaimeoirí agus teagascóirí Úcránacha chomh maith lena dteaghlaigh.  

Tuilleadh >>

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.