Skip to main content

Cibearbhulaíocht in Iar-Bhunscoileanna: tuiscint, cosc agus freagairt ina leith

Course Details

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Iar-bhunscoileanna

Dátaí an Chúrsa

21-08-2023 go 24-05-2024

Am Staidéir

2 uair an chloig

Áiteanna

Gan teorainn

Sprioclucht Féachana

Múinteoir iar-bhunscoile uile, baill d’fhoireann cheannaireachta scoile, de chúram tréadach agus den fhoireann um fholláine, agus cinn bliana

Tríd an gcúrsa seo cuirfear an t-eolas, na hacmhainní agus an mhuinín ar fáil duit chun teagasc faoi chibearbhulaíocht agus chun déileáil le teagmhais de chibearbhulaíocht de réir mar a thagann siad chun cinn. Dearadh an cúrsa chun múinteoirí agus ceannairí scoile a chur ar an eolas faoi chibearbhulaíocht, chun ról na scoile a achoimriú maidir le cultúr frith-chibearbhulaíochta a chruthú agus chun folláine daltaí a chur chun cinn agus folláine ar líne san áireamh.

Gnóthóidh tú tuiscint níos mó ar an méid atá i gceist le cibearbhulaíocht agus ar a hiarmhairtí, pléifidh tú bealaí chun cur chuige scoile iomláine coisctheach a chur chun cinn maidir le cibearbhulaíocht i do scoil féin agus foghlaimeoidh tú na príomh-chéimeanna a bhaineann le conas freagairt do theagmhas de chibearbhulaíocht agus conas déileáil leis. Beidh an deis agat freisin comhtháthú an teagaisc faoi chibearbhulaíocht a chleachtadh agus úsáidfidh tú acmhainní sábháilteachta ar líne atá ar fáil chun tacú le teagasc faoi chibearbhulaíocht a chosc agus faoi fholláine ar líne in OSPS (Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • an méid atá i gceist le cibearbhulaíocht a shainmhíniú agus tuiscint shoiléir a ghnóthú ar na nithe lena gcomhdhéantar cibearbhulaíocht
  • cur síos a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil maidir le cibearbhulaíocht lena n-áirítear an tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara 2020 agus iniúchadh a dhéanamh ar an taighde is déanaí ar chibearbhulaíocht in Éirinn
  • cur chuige oideachais iomláin coisctheach a chur chun cinn maidir le tabhairt faoi chibearbhulaíocht
  • iniúchadh a dhéanamh ar bheartas na scoile lena bpléitear le cibearbhulaíocht, go háirithe, an Beartas Frith-Bhulaíochta agus an Beartas um Úsáid Inghlactha
  • deiseanna a shainaithint chun teagasc faoi chibearbhulaíocht tríd an gcuraclam agus trí thionscnaimh scoile iomláine phobalbhunaithe
  • na róil agus na freagrachtaí a shainaithint is infheidhme maidir le pearsanra na scoile agus iad ag déileáil le teagmhas cibearbhulaíochta
  • tabhairt faoi theagmhas cibearbhulaíochta agus cumarsáid a dhéanamh leo siúd atá bainteach
  • úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil chun tuismitheoirí a mhealladh chun páirt a ghlacadh i dtacaíocht a thabhairt do fhrith-bhulaíocht

Ábhar an Chúrsa

Tá trí mhodúl sa chúrsa seo:

  1. Cibearbhulaíocht a Thuiscint
    Leis an gceacht seo pléifear an méid atá i gceist le cibearbhulaíocht agus na hiarmhairtí forleathana a d’fhéadfadh a bheith aici ar dhaoine aonair agus ar phobal na scoile
  2. Cibearbhulaíocht a Chosc
    I gceacht 2 déantar iniúchadh ar bhealaí praiticiúla inar féidir leat cur chuige scoile iomláine coisctheach a chur chun cinn maidir le cibearbhulaíocht i do scoil féi
  3. Freagairt do Chibearbhulaíocht
    Sa cheacht seo déantar na príomh-chéimeanna a bhaineann le conas freagairt do theagmhas de chibearbhulaíocht agus conas déileáil leis a achoimriú agus sainaithnítear na hacmhainní agus na tacaíochtaí atá ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile

Riachtanais

Riachtanais Theicniúla:

Ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, ríomhaire deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air).

Ní mór fáil a bheith ag na rannpháirtithe ar Padlet, feidhmchlár tríú páirtí, mar chuid den chúrsa. Níl cuntas Padlet ag teastáil. Bí ar an eolas maidir le beartas príobháideachais agus téarmaí seirbhíse Padlet.

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

(Téacs ag deireadh an chur síos – gan teideal)

An bhfuil sonraí do chuntais Scoilnet ligthe i ndearmad agat?

Níl cuntas ar bith agat? Cláraigh ar leathanach Cláraithe Chuntas Scoilnet.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.