Skip to main content

Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil ag Baint Úsáid as Scratch (Bunscoileanna)

Sonraí an Chúrsa

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Bunscoileanna

Dáta

21-08-2023 go 21-06-2024

Am staidéir

4 uair an chloig

Sprioclucht féachana

Múinteoirí bunscoile (ranganna 3 go 6 go príomha). Tá fáilte roimh mhúinteoirí iar-bhunscoile freisin.

Áiteanna

Gan teorainn

Soláthraítear leis an gcúrsa an-idirghníomhach seo réamheolas do mhúinteoirí ar chódú agus ar smaointeoireacht ríomhaireachtúil, treoir céim ar chéim maidir le Scratch a úsáid agus rochtain ar réimse fairsing acmhainní ar líne agus smaointe ceachta do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile araon.

Feidhmchlár saor in aisce is ea Scratch trínar féidir le húsáideoirí a gcuid scéalta, gearrthóg beochana agus cluichí idirghníomhacha féin a chruthú agus a roinnt. Tá leagan Gaeilge ar fáil, chomh maith leis an leagan Béarla, agus is teanga ríomhchláraithe é atá éasca le húsáid, agus is bealach iontach é chun tús a chur le do thuras códúcháin.

Tá fáilte ar ais roimh rannpháirtithe a rinne ár gcúrsa ‘Scratch for Learning’ roimhe seo. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil ábhar an dá chúrsa seo mar an gcéanna.

Torthaí Foghlama

Sa chúrsa seo, cuirfear ar chumas na rannpháirtithe:

  • Tuiscint a fháil ar an mbunús le códú agus le smaointeoireacht ríomhaireachtúi
  • Cur síos a dhéanamh ar 4 réimsí na smaointeoireachta ríomhaireachtúl
  • Liosta a dhéanamh de na teangacha ríomhchláraithe amhairc is féidir a úsáid sa seomra ranga
  • An difríocht idir gníomhaíochtaí neamhphlugáilte agus gníomhaíochtaí plugáilte a thuiscint
  • Bheith ar a suaimhneas agus iad ag úsáid bogearraí Scratch
    Scratch a úsáid sa seomra ranga chun tacú leis an litearthacht agus leis an uimhearthacht
    Scratch a chomhtháthú ar fud an churaclaim
  • A dtionscadal simplí Scratch féin a chruthú

Ábhar an Chúrsa

Cuimsítear sa chúrsa seo ceachtanna idirghníomhacha, ranganna teagaisc ar Scratch, fóraim phlé agus tasc ag úsáid Scratch.

Tá ceithre mhodúl sa chúrsa mar a leanas:

Modúl 1 – Réamheolas maidir le Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil

Soláthraítear sa mhodúl seo forléargas ar an gcódú agus mínítear na ceithre réimse den smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus conas is féidir iad a úsáid sa churaclam ar fad. Tabharfar eolas do rannpháirtithe ar réimse leathan uirlisí agus acmhainní códaithe.

Modúl 2 – Scratch Coding

Tugtar réamheolas sa mhodúl seo ar bhunghnéithe Scratch agus tugtar forléargas ar acmhainní Scratch. Déanfaidh na rannpháirtithe turgnamh ar fheidhmeanna Scratch agus cuirfidh siad tús lena gcéad tionscadal Scratch a chruthú.

Modúl 3 – Scratch sa Seomra Ranga

Sa mhodúl seo, forbraítear scileanna Scratch tuilleadh agus foghlaimíonn rannpháirtithe conas tionscadal Scratch a chur in eagar.
Déanfaidh na rannpháirtithe iniúchadh freisin ar úsáidí Scratch sa churaclam agus forbróidh siad a dtionscadal Scratch féin, a roinnfear i Modúl 4.

Modúl 4 – Pleanáil le haghaidh Scratch

Díríonn an modúl seo ar phleanáil chun úsáid éifeachtach a bhaint as Scratch sa seomra ranga. Déanfaidh na rannpháirtithe iniúchadh ar conas Scratch a chomhtháthú ina dteagasc agus athbhreithneoidh siad ról Scratch sa mheasúnú.
Mar thasc an chúrsa deiridh,beidh ar na rannpháirtithe nasc lena dtionscadal Scratch féin a roinnt.

Riachtanais

Réamhriachtanais: Scileanna TFC meánleibhéil. Bogfaidh rannpháirtithe idir fuinneoga brabhsálaí, ag leanúint tascanna i bhfuinneog amháin chun tionscadail Scratch a chruthú i gceann eile. Beidh taithí roimh ré ar pháirt a ghlacadh i gcúrsa ar líne, cur le fóram díospóireachta ar líne agus comhaid a uaslódáil nó a íoslódáil ina bhuntáiste.

Riachtanais Theicniúla: Ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air). Ní mór do rannpháirtithe na bogearraí saor in aisce a íoslódáil, Scratch 3.0.

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Tráchtanna ó iar-rannpháirtithe

“Éasca a thuiscint. Mínithe soiléire ar conas rudaí a dhéanamh. Go leor samplaí praiticiúla chun tionscadail a bhunú orthu. Aiseolas maith tráthúil.”

“Sílim go leagann an ríomhtheagascóir atmaisféar dearfach don chúrsa seo ón tús.
Rinne mé cúrsaí ar líne cheana agus sílim go raibh an ceann seo níos suaimhní agus níos tacúla. Cuireadh an t-ábhar i láthair go maith agus ní raibh sé ró-iomarcach.”

“[Bhí mé] ábalta na bealaí inar féidir Scratch a úsáid mar uirlis fhaisnéiseach ach mar uirlis mheasúnaithe chomh maith a fheiceáil.”

“Cúrsa an-struchtúrtha ina bhfuil eolas ábhartha, nua agus úsáideach, ina dtugtar léargais ar an ábhar, agus deis le bheith páirteach le múinteoirí eile san fhóram díospóireachta.”

“Bhí samplaí cruthaitheacha ann maidir le conas Scratch a chuimsiú sa teagasc laethúil – mar shampla, daltaí ag cruthú tráth na gceist dá gcuid féin a bhféadfadh daltaí eile é a úsáid. Chomh maith leis sin is féidir Scratch a úsáid i ngach cineál ranga idir daltaí an-acadúla agus daltaí tacaíochta foghlama.”

 

An bhfuil sonraí do chuntais Scoilnet ligthe i ndearmad agat?

Níl cuntas ar bith agat? Cláraigh ar leathanach Cláraithe an Chuntais Scoilnet.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.