Skip to main content

Sonraí an Chúrsa

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Bunscoileanna

Dáta

21-08-2023 go 21-06-2024

Am staidéir

1 uair an chloig

Sprioclucht féachana

Múinteoirí (bhunscoile) uile

Áiteanna

Gan teorainn

Tá sé mar aidhm leis an ngearrchúrsa seo cuidiú le múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun acmhainní atá ann cheana a fheabhsú agus acmhainní nua a chruthú ag baint úsáid as taifeadadh scáileáin agus uirlisí eile. Cuirfear na rannpháirtithe ar an eolas i dtaobh bealaí inar féidir físeáin teagaisc a úsáid chun an t-eispéireas foghlama a dhifreáil agus a phearsanú agus foghlaimeoidh siad conas físeán gairid teagaisc a chruthú le húsáid lena rang. Cuirtear comhairle ar fáil sa chúrsaí maidir le huirlisí sonracha agus samplaí den dóigh ar féidir iad a úsáid, chomh maith le cúrsaí cóipchirt maidir le hacmhainní digiteacha. Baineann an cúrsa seo le gach cás foghlama agus tá sé an-úsáideach le haghaidh foghlaim chumaisc nó chun an seomra ranga a athrú.

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • Cur síos a dhéanamh ar conas is féidir le físeáin teagaisc an fhoghlaim a threisiú
  • Acmhainní nach bhfuil faoi chóipcheart a fháil ar líne chun cuidiú leat ábhar digiteach a chruthú
  • Físeán gearr teagaisc a chruthú a d’fhéadfaí a úsáid chun tacú leis an bhfoghlaim i do rang.

Ábhar an Chúrsa

Tá cúig mhír ghearra i gceacht an chúrsa:

  • Réamheolas
  • Acmhainní a Aimsiú
  • Cóipcheart le haghaidh Acmhainní Digiteacha
  • Taifeadadh Scáileáin a úsáid chun acmhainní reatha a fheabhsú
  • Físeáin Teagaisc Cláir Bháin a Chruthú
    Conclúid/leideanna do mhúinteoirí

Riachtanais

Riachtanais Theicniúla: Ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air).

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.