Skip to main content

Sonraí an Chúrsa

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Bunscoileanna

Dáta

21-08-2023 go 21-06-2024

Am staidéir

1.5 uair an chloig

Sprioclucht féachana

Múinteoirí (Bhunscoile) uile

Áiteanna

Gan teorainn

Tugtar réamheolas sa ghearrchúrsa seo duit maidir le podchraoltóireacht i seomra ranga na bunscoile, go háirithe chun tacú le Curaclam Teangacha na Bunscoile.

Agus é deartha le príomh-ionchuir ónár bhfoireann SFGM-Curaclam Teanga na Bunscoile, taispeántar sa chúrsa seo duit na buntáistí a bhaineann le podchraoltóireacht agus conas a thacaíonn sé le Curaclam Teangacha na Bunscoile.

Tabharfaidh eolas duit sa chúrsa freisin faoi uirlisí cruthaithe podchraoltaí lena n-áirítear Anchor, Audacity agus Garageband. Iarrfar ar rannpháirtithe ceann de na huirlisí seo a roghnú chun podchraoladh samplach a chruthú.

Torthaí Foghlama

Cuirfear ar chumas na rannpháirtithe:

  • Cur síos a dhéanamh ar cad is podchraoladh ann agus ar na buntáistí a bhaineann le podchraoltaí a úsáid chun tacú le
  • Curaclam Teangacha na Bunscoile
  • Liosta a dhéanamh de roinnt bealaí inar féidir podchraoltaí a úsáid ina seomra ranga
  • Éisteacht le shamplaí de phodchraoltaí a cruthaíodh i scoileanna na hÉireann agus machnamh a dhéanamh orthu
  • Ceacht podchraoltóireachta a phleanáil dá rang
  • Tuiscint a fháil ar bhunfheidhmeanna na n-uirlisí digiteacha a úsáidtear chun podchraoltaí a chruthú
  • Podchraoladh samplach a chruthú

Ábhar an Chúrsa

Tá trí mhodúl sa chúrsa seo:

1. Cad é rud podchraoltóireacht agus an aidhm atá leis

Féachtar sa chéad mhodúl ar cad is podchraoltaí ann agus conas is féidir leo dul chun tairbhe na foghlama, go háirithe i gcomhthéacs Churaclam Teangacha na Bunscoile.

2. Uirlisí agus acmhainní na podchraoltóireachta
Sa mhodúl seo déanfaidh na rannpháirtithe iniúchadh ar na céimeanna éagsúla a bhaineann le pleanáil agus cruthú podchraoltaí lena n-áirítear na huirlisí agus na gléasanna atá de dhíth. Glacfaidh na rannpháirtithe páirt i roinnt ranganna bunúsacha físeáin ar conas podchraoladh a chruthú.

3. Podchraoladh a phleanáil agus a chruthú do do sheomra ranga
Breathnófar sa mhodúl seo ar thionscadail shamplacha podchraoltaí bunaithe ar thorthaí Churaclam Teangacha na Bunscoile. Cruthóidh agus foilseoidh rannpháirtithe podchraoladh simplí.

Riachtanais

Riachtanais Theicniúla: Beidh ar rannpháirtithe aip amháin (saor in aisce) a íoslódáil. Bheidh ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, ríomhaire deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air) de dhíth chomh maith.

Ní mór fáil a bheith ag na rannpháirtithe ar Padlet, feidhmchlár tríú páirtí, mar chuid den chúrsa. Níl cuntas Padlet ag teastáil. Bí ar an eolas maidir le polasaí príobháideachta agus téarmaí seirbhíse Padlet, le do thoil.

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.