Infhaighteacht
Am téarma, Oscailte Anois
Infhaighteacht
Am téarma, Oscailte Anois
Sector
Bunscoileanna, Iar-bhunscoileanna
Dáta
21-08-2023 go 21-06-2024
Am staidéir
3 uair an chloig
Sprioclucht féachana
Ríomhtheagascóirí / modhnóirí cúrsaí samhraidh ar líne do mhúinteoirí bunscoile
Áiteanna
Gan teorainn
Soláthraítear sa ghearrchúrsa seo réamhrá ar an ríomhtheagasc agus forléargas ar ról an ríomhtheagascóra i gcomhthéacs cúrsaí samhraidh, lena mbaineann teidlíocht i leith laethanta saoire pearsanta breise (EPV) do mhúinteoirí bunscoile.
Tá sé oiriúnach chomh maith do dhuine ar bith atá ag tabhairt faoi ról ríomhtheagaisc den chéad uair. Ba é SFGM-Teicneolaíocht san Oideachas a d’fhorbair an cúrsa i gcomhpháirtíocht le Lárionad Idirnáisiúnta um Nuálaíocht agus Foghlaim san Ionad Oibre de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Cuirfear ar chumas na rannpháirtithe:
Soláthrófar le hábhar an chúrsa treoir agus straitéisí úsáideacha do ríomhtheagascóirí chun foghlaim ghairmiúil múinteoirí ar líne a éascú. Tá sé roinnt ina chúig mhodúl, mar a leanas:
Modúl 1 – Réamheolas ar Fhoghlaim Ar Líne
Modúl 2 – Réamheolas maidir le Ríomhtheagasc
Modúl 3 – Scileanna Ríomhtheagaisc
Modúl 4 – Foghlaimeoirí Ar Líne a Bhainistiú
Modúl 5 – Ríomhtheagascóir Éifeachtach.
Réamhriachtanais: Cé nach réamhriachtanas é, bheadh taithí roimh ré ar pháirt a ghlacadh i gcúrsa ar líne ina bhuntáiste.
Riachtanais Theicniúla: Ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air).
Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.
B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).
An bhfuil sonraí do chuntais Scoilnet ligthe i ndearmad agat?
Níl cuntas ar bith agat? Cláraigh ar leathanach Cláraithe an Chuntais Scoilnet.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.