Infhaighteacht
Am téarma, Oscailte Anois
Infhaighteacht
Am téarma, Oscailte Anois
Sector
Iar-bhunscoileanna
Dáta
19-08-2022 go 26-05-2023
Am staidéir
3 uair an chloig
Sprioclucht féachana
Múinteoirí iar-bhunscoile ar mian leo sábháilteacht idirlín a chuimsiú ina gcuraclam OSPS nó laistigh de mhodúl na hIdirbhliana
Áiteanna
Gan teorainn
Tá sé mar aidhm leis an gcúrsa seo na scileanna agus an mhuinín a thabhairt duit chun feasacht a mhúscailt agus cosc a chur ar iompar ar líne do dhaltaí a d’fhéadfadh a bheith díobhálach trí churaclam OSPS a chur chun feidhme ar leibhéil na Sraithe Sóisearaí, na hIdirbhliana agus na Sraithe Sinsearaí.
Úsáidfidh agus oiriúnóidh tú acmhainní Webwise saor in aisce a mheallann daltaí chuig ábhair a bhaineann lena saol agus atá tábhachtach dá bhfolláine.
Déileálann na hacmhainní Webwise sa chúrsa seo le hábhair amhail íomhánna míchuí a roinnt, ciapadh ar líne agus caidreamh níos dearfaí a fhorbairt lena chéile.
Faoi dheireadh an cheachta seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:
Áirítear é seo a leanas i measc ábhar an chúrsa:
Riachtanais Theicniúla: Ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air).
Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.
B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).
An bhfuil sonraí do chuntais Scoilnet ligthe i ndearmad agat?
Níl cuntas ar bith agat? Cláraigh ar leathanach Cláraithe an Chuntais Scoilnet.
Clárú Na Nuachtlitreach