Skip to main content

Sonraí an Chúrsa

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Iar-bhunscoileanna

Dáta

21-08-2023 go 24-05-2024

Am staidéir

1 uair an chloig

Sprioclucht féachana

Múinteoirí (iar-bhunscoile) uile

Áiteanna

Gan teorainn

Tugtar míniú sa chúrsa seo ar na buntáistí agus ar an acmhainn a bhaineann le scéalaíocht dhigiteach chun feabhas a chur ar phríomhscileanna thar raon réimsí ábhar, lena n-áirítear Nuatheangacha Iasachta (MFL), Mata agus go leor eile.

Léirítear ann conas ceol agus íomhánna nach bhfuil faoi chóipcheart a aimsiú ar líne agus taispeántar duit conas do scéal digiteach féin a chruthú ag baint úsáid as ceann amháin de raon uirlisí agus feidhmchlár. Soláthraítear sa chúrsa seo freisin samplaí de scéalta digiteacha a chruthaigh múinteoirí agus daltaí chun tacú leis an bhfoghlaim.

Torthaí Foghlama

Cuirfear ar chumas na rannpháirtithe:

  • Míniú a thabhairt ar na buntáistí a bhaineann le scéalaíocht dhigiteach chun feabhas a chur ar phríomhscileanna agus tacú leis an teagasc, leis an bhfoghlaim agus leis an measúnú ina n-ábhar
  • An acmhainn a bhaineann leis an bpróiseas scéalaíochta digití a aithint chun cumas na ndaltaí machnamh criticiúil a dhéanamh ar a gcuid foghlama a fheabhsú
  • Scrúdú a dhéanamh ar conas a thacaíonn an próiseas scéalaíochta digití le tuiscint na ndaltaí ar eolas ar réimse an ábhair chomh maith le rannpháirtíocht agus spreagadh a fheabhsú
  • Bheith feasach faoi na huirlisí digiteacha is féidir a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí scéalaíochta digití
  • Iniúchadh a dhéanamh ar cá háit ar féidir acmhainní cuí a aimsiú go heiticiúil do dhaltaí chun tacú le scéalta digiteacha a chruthú.

Ábhar an Chúrsa

Clúdaítear sa chúrsa gach eolas a theastaíonn uait idir na buntáistí agus na cuir chuige maidir leis an scéalaíocht dhigiteach, agus smaointe maidir le húsáid na scéalaíochta digití trasna an churaclaim, agus do scéal digiteach féin a chruthú.
Tá trí phríomhchuid sa chúrsa:

  • Réamheolas ar an tSaoránacht Dhigiteach
  • Scéalaíocht dhigiteach trasna an churaclaim
  • Scéal digiteach a chruthú

Áirítear leis an gcúrsa freisin cur le ‘Balla Padlet’ chun smaointe a roinnt ar conas a d’úsáidfeá scéalaíocht dhigiteach i do réimse ábhair.

Riachtanais

Riachtanais Theicniúla: Ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air).

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.