Skip to main content

Sonraí an Chúrsa

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Bunscoileanna

Dáta

21-08-2023 go 21-06-2024

Am staidéir

1.5 uair an chloig

Sprioclucht féachana

Múinteoirí bunscoile atá ag pleanáil punanna digiteacha a úsáid ina seomra ranga

Áiteanna

Gan teorainn

Cuirtear buntreoir ar fáil sa chúrsa seo i dtaca leis an tslí ar féidir punanna digiteacha a úsáid sa seomra ranga chun feabhas a chur ar an teagasc, ar an bhfoghlaim agus ar an measúnú.

Féachtar ann ar na buntáistí, na gnéithe éagsúla agus an aidhm a bhaineann le córais na bpunann digiteach agus déantar samplaí a léiriú den úsáid atá á baint ag múinteoirí na hÉireann astu. Tabharfar blaiseadh duit den phróiseas a bhaineann leis an bpunann dhigiteach atá mar bhonn faoin úsáid a bhaintear astu agus léireofar duit conas is féidir iad a úsáid mar mheasúnú múnlaitheach agus suimitheach.

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • Léargas a thabhairt ar an úsáid a bhaintear as punanna digiteacha sa teagasc agus san fhoghlaim
  • Cur síos a dhéanamh ar na feidhmeanna stórála, spáis oibre agus ardáin atá ag na punanna digiteacha
  • Na buntáistí a bhaineann le húsáid na bpunann digiteach don teagasc, don fhoghlaim agus don mheasúnú
  • Na céimeanna éagsúla a bhaineann le múnla phróiseas na punainne digití a aithint
  • Cur síos a dhéanamh ar an úsáid is féidir a bhaint as punanna digiteacha le tacú leis an measúnú múnlaitheach
  • Cur síos a dhéanamh ar an úsáid is féidir a bhaint as punanna digiteacha le tacú leis an measúnú múnlaitheach
  • Na hiarmhairtí a bhaineann le punann dhigiteach a thabhairt isteach a mhíniú i dtaobh na múinteoirí agus na ndaltaí.

Ábhar an Chúrsa

Áirítear é seo a leanas i measc ábhar an chúrsa:

  • Buntreoir maidir le punanna digiteacha do mhúinteoirí
  • Plé ar na buntáistí agus ar na feidhmeanna atá ag punanna digiteacha
  • Achoimre ar mhúnla phróiseas na punainne digití
  • Físeáin a léiríonn an úsáid atá á baint ag múinteoirí na hÉireann as punanna digiteacha chun feabhas a chur ar an teagasc, ar an bhfoghlaim agus ar an measúnú
  • Forléargas ar an dóigh a dtéann punanna digiteacha i bhfeidhm ar ról múinteoirí agus daltaí.

Riachtanais

Riachtanais Theicniúla: Ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air).

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.