Skip to main content

Seirbhís nua cúrsaí ar líne

10th June 2022

Mar chuid dár seirbhís nua cúrsaí ar líne, beidh gach cúrsa ar líne maidir le Teicneolaíocht SFGM san Oideachas ar fáil 24/7 le linn na bliana scoile, ó dheireadh mí Lúnasa 2022. Áirítear leis seo an briseadh lár téarma agus tréimhsí saoire lár na bliana.

Leis an infhaighteacht sínte sin ar an gcúrsa beidh fáil níos éasca ar na cúrsaí ag am a oireann duitse. Tabharfar an tsolúbthacht duit leis freisin chun ábhar an chúrsa a oibriú isteach in aon fhoghlaim ghairmiúil eile a bheidh ar siúl agat, go pearsanta nó mar chuid de chlár scoile uile.

Leis an tseirbhís nua cúrsaí ar líne seo lena rochtain ar chúrsaí ó cheann ceann na bliana éascófar pleanáil na gceannairí scoile chomh maith. Ar smaoinigh tú ar na cúrsaí a oibriú isteach sna socruithe atá agat le haghaidh ‘uaireanta Pháirc an Chrócaigh’ mar shampla? Tá gach cúrsa saor in aisce agus deimhnithe, rud a chuireann ar chumas múinteoirí cuntas a thabhairt go héasca ar chur i gcrích a gcúrsa.

Beidh cúrsa nua ar Chibearbhulaíocht ar fáil in 2022/23, chomh maith le cúrsaí reatha móréilimh ar Phleanáil na Foghlama Digití agus Aiseolas Measúnaithe.

Tá liosta iomlán de na cúrsaí reatha, agus sonraí faoi gach ceann acu, ar fáil ag cuid na gcúrsaí ar líne dár suíomh gréasáin. Tosaíonn rollú agus rochtain láithreach ar an gcúrsa ag deireadh mhí Lúnasa, 2022. (Má chaitheann tú cuntas Scoilnet a fháil ar dtús, is féidir leat clárú le haghaidh ceann anseo.)

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.