Skip to main content

Breithnithe Teicniúla agus Ceannaigh, lena n-áirítear Creataí ceannaigh: Cuideoidh an t-eolas seo a leanas le scoileanna TFC atá oiriúnach don fheidhm a cheannach. Má bhíonn comhairle nó tacaíocht de dhíth ort, seol ríomhphost chugainn ag ictadvice@pdst.ie. Soláthraítear eolas ceannaigh ar chineálacha éagsúla trealaimh sna ranna thíos.

Ríomhairí glúine agus Ríomhairí Deisce

Creat do Ríomhairí Pearsanta Glúine: (níl iarratas meastacháin de dhíth). Is féidir le scoileanna Ríomhairí Pearsanta/Glúine a ordú ón dá sholáthraí atá liostáilte gan gá meastachán a lorg ó sholáthraithe eile. (Tá sé seo indéanta toisc go bhfuil conradh OSR i bhfeidhm sa dhá chuideachta faofa ag na praghsanna atá léirithe thíos.) Tá leagan caighdeánach agus leagan atá ar chaighdeán níos airde de Ríomhairí Glúine nó Ríomhairí Pearsanta ar fáil.

– Chun Ríomhairí Pearsanta a ordú, déan teagmháil le Datapac (www.datapac.com) ag schoolsetb@datapac.com
– Chun Ríomhairí Glúine Notebook a ordú, déan teagmháil le PFH (www.pfh.ie) ag education@pfh.ie

– San áireamh leis na Ríomhairí Pearsanta agus Glúine tá Windows 10 Pro OS agus Baránta ar an láthair 3 Bliana don chéad lá oibre eile
– San áireamh le praghas an Ríomhaire Phearsanta tá monatóir HD 21 Orlach le hard agus claon inathraitheach, méarchlár agus luchóg
– San áireamh leis na gnéithe roghnacha breise tá seirbhísí suiteála, baránta 5 bliana, (ar fáil ón dá chuideachta gan costas breise), tá na costais íogair ó thaobh na tráchtála de.

a) Ríomhaire Caighdeánach, Miontúr, (ó Datapac)
Múnla: HP Prodesk 405 G4
San Áireamh: AMD Ryzen 3 Pro 2200G quad-core processor, Cuimhne DDR4 8GB, Tiomántán Soladstaide (SSD) 256GB, CD/DVD Comhtháite, 11 phort USB, Grafaicí Comhtháite, Displayport & poirt VGA, Monatóir HD 21 Orlach (1920 x1080).Tá tiontaire Displayport go HDMI ar fáil ach iarratas a dhéanamh.
Costas: €416 (€511.68 agus CBL ag 23% san áireamh)

b) Ríomhaire ar Chaighdeán níos Airde, Miontúr, (ó Datapac)
AMD Ryzen 3 Pro 2200G quad-core processor, Cuimhne DDR4 8GB, Tiomántán Soladstaide (SSD) 512GB, CD/DVD Comhtháite, 11 phort USB, Grafaicí Tiomnaithe 1GB (Nvidia Geforce GT710), Displayport & comhéadain VGA, Monatóir HD 21.5 Orlach (1920 x1080).
Costas: €436.20 (€536.53 agus CBL ag 23% san áireamh)

c) Ríomhaire Glúine/Notebook caighdeánach (scáileán 15 horlaí), (ó PFH)
Lenovo E15 Standard Spec
AMD Ryzen 3 4300U quad-core processor, Cuimhne DDR4 8GB, Tiomántán Soladstaide (SSD) 256GB, Wifi (802.11ax), 2 phort USB, Grafaicí Comhtháite, comhéadain HDMI & VGA, Scáileán HD 15.6 hOrlaí (1920 x1080), Ceamara Gréasáin.
Costas: €445.00 (€547.35 agus CBL ag 23% san áireamh)

c) Ríomhaire Glúine/Notebook atá ar chaighdeán níos airde (scáileán 14 horlaí) , (ó PFH)
Lenovo L14 High Spec
AMD Ryzen 3 4450U quad-core processor, Cuimhne DDR4 8GB, Tiomántán Soladstaide (SSD) 512GB, Wifi (802.11ax), 2 phort USB, Grafaicí Comhtháite, comhéadain HDMI & VGA, Scáileán HD 14 hOrlaí (1920 x1080), Ceamara Gréasáin
Costas: €525.00 (€645.75 agus CBL ag 23% san áireamh)

Chun tuilleadh comhairle a fháil ar Ríomhairí Pearsanta/Glúine le haghaidh scoileanna, déan teagmháil linn le do thoil ag ictadvice@pdst.ie

Ríomhairí T4/DCG CAD le haghaidh Iar-bhunscoileanna

Cuireadh comórtas agus próiseas measúnaithe na tairisceana le haghaidh Miontúir Ríomhairí Pearsanta agus Ríomhairí Glúine do Ghrafaic Dheartha agus Chumarsáide (GDC)/CAD i gcrích in 2020. Cuimsithe san fhoireann measúnaithe bhí cúpla mhúinteoir saineolaíoch GDC agus Solidworks, speisialtóirí teicneolaíochta, an SEC, agus an fhoireann cigireachta. Síníodh conarthaí agus cuireadh próisis ordaithe isteach le haghaidh Miontúr agus Ríomhairí Glúine le haghaidh GDC.

Is iad an dá sholáthraí ná:
– Bhuaigh Datapac (le Miontúr HP) an tairiscint chun Miontúir GDC a sholáthair; Costas: €963.04 (le monatóir 21.5 Orlach san áireamh, CBL san áireamh).
– Bhuaigh Capita (le Ríomhaire Glúine Dell) an tairiscint chun Ríomhairí Glúine GDC a sholáthair; Costas: €1,158.44 (CBL san áireamh).
Níl ríomhairí glúine le haghaidh GDC ar fáil a thuilleadh ó Capita, áfach. Téigh i dteagmháil le ictadvice@pdst.ie le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcás seo.

Ceannach ríomhairí GDC a mhaoiniú: Ar dtús, níl ann do ‘Deontas TFC ar leith le haghaidh GDC’.
Tá an maoiniú TFC ar fad do scoileanna in 2020 (seachas cruthanna nua scoile) chun a bheith ar fáil tríd na Deontais Ginearálta TFC bliantúla. Chun tuilleadh a fhoghlaim air seo cliceáil anseo:

Foirmeacha Ordaithe agus foirmeacha NAGSF don Miontúr agus don ríomhaire glúine GDC
Ba chóir na foirmeacha iomchuí ordaithe a líonadh agus a sheoladh chuig soláthraithe tríd an ríomhphost.

Tá an Fhoirm Ordaithe don Mhiontúr GDC HP (ó Datapac) ar fáil anseo:
Tá an fhoirm NAGSF don Mhiontúr GDC ar fáil anseo:

Níl ríomhairí glúine le haghaidh GDC ar fáil a thuilleadh ó Capita.
Sonraíocht agus Costais an Miontúr T4/GDC/CAD:

(Miontúr HP, soláthraithe ag Datapac):
HP Z2 G5 Mini-Tower Workstation
San Áireamh leis seo:
Tá bogearraí Solidworks 2019/20 CAD réamhshuiteáilte
Próiseálaí Intel Core i5-10600, 3.3 GHz, 6 Chór, 64 giotán, Taisce 12MB
Microsoft Windows 10 Professional OS (64 bit)
Cuimhne 16GB (2 x 8GB DDR4)
Tiomántán SSD 500GB, (d’fheidhmíocht níos tapúla agus iontaofacht)
Tiomántán buíne CD/DVD inmheánach
Ethernet 10/100/1000 Inmheánach (RJ45)
NVIDIA Quadro P1000 4GB Graphics.
Deimhnithe ag Solidworks.
Taifeach 4K (4096 x 2160)
6 x USB 3.0 (2 chun tosaigh, 4 ar chúl); 2 x USB 2.0; RJ-45 LAN Gigabit, poirt isteach/amach Fuaime
1 x cluasáin/micreafóin, 2 x DisplayPort, 1xVGA, 4xMiniDisplayport
Luchóg USB lánmhéide, méarchlár QWERTY le siombail an euro agus eochaircheap uimhriúil.
Baránta:
3 Bliana ar an Láthair, Chéad lá Oibre eile, páirteanna agus obair (curtha ar fáil mar réamhshocrú)
Costas Miontúir: €963.04 (le monatóir 21.5 Orlach san áireamh, CBL san áireamh).
Tá roghanna eile liostáilte ar an bhFoirm Ordaithe.

Ríomhairí Chromebook

Chuaigh an creat ceannaigh Chromebook a bhí ann le haghaidh scoileanna in éag. Má tá tú ag smaoineamh ar ríomhairí Chromebook a cheannach agus má tá comhairle á lorg agat, lena n-áirítear comhairle theicniúil, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag ictadvice@pdst.ie

Gléasanna Apple

Tá creat ceannaigh gléasanna Apple ann le haghaidh scoileanna. Tá dhá sholáthraí aige, Wriggle agus CompuB. Má tá tú ag smaoineamh ar iPadanna nó gléasanna eile Apple a cheannach agus má tá comhairle á lorg agat, lena n-áirítear comhairle theicniúil, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag ictadvice@pdst.ie

Gléasanna Hibirideacha

Is féidir gléasanna hibrideacha a úsáid sna móid ‘ríomhaire glúine’ agus ‘táibléad’ araon, toisc go bhfuil méarchlár infhillte nó inscortha acu.
I gcomparáid le ríomhairí glúine eile, go ginearálta, bíonn próiseálaithe acu le níos lú cumhachta agus bíonn stóras níos lú acu, is tipiciúla 128GB.
Is féidir an dá ghléas a leanas a ordú ó sholáthraithe gan meastacháin eile a lorg.

HP ProBook x360 11G5 EE, Gléas Hibrideach le scáileán infhillte.
Windows 10 Professional; scáileán tadhaill 11.6 Orlach, Grafaicí 1366x 768
Próiseálaí: Intel Celeron Quadcore N4120/1.1GHz(2.6GHz)/Taisce 4MB
Cuimhne: 8GB DDR4; Stóras:
Tiomántán soladstaid(SSD) 128GB
Poirt: 2 phort USB, port LAN:
Gigibit Ethernet, port HDMI.
Wifi: 802.11ac.ax; Bluetooth 5.0; Ceamara éadain
Saol Cadhnra:
653 Nóiméad; Meáchan 1.44Kg
3 Bliana Bailigh agus/nó Tabhair ar ais
Costas: €407 (gan CBL); €500.61 (agus CBL ag 23% san áireamh)
Chun ordú, déan teagmháil le Datapac (www.datapac.com) ag schoolsetb@datapac.com

Microsoft Surface Go 2, Gléas Hibrideach le scáileán infhillte inscortha.
Windows 10 Professional; scáileán tadhaill 10.5 nOrlaí, Grafaicí 1920×1280
Próiseálaí: Intel Core m3-8100Y (Dual Core), Taisce 4MB
Cuimhne: 8GB DDR4; Stóras:
Tiomántán soladstaid(SSD) 128GB
Poirt: 3 phort USB, lena n-áirítear USB-C le haghaidh Cumhachta.
Wifi: 802.11ac.ax; Bluetooth 5.0; Ceamaraí éadain agus cúil
Saol Cadhnra: 461 Nóiméad; Meáchan 789g
3 Bliana ar an Láthair, Chéad lá Oibre eile
Costas: €666 (gan CBL); €819.18 (agus CBL ag 23% san áireamh)
Chun ordú a dhéanamh, téigh i dteagmháil le Wriggle (www.wriggle.ie) ag maureen@wrigglelearing.ie

Líonrú gan sreang (ie Wifi)

Chuaigh an creat ceannaigh gan sreang, a bhí ann le haghaidh scoileanna le 4 bliana anuas, agus ar bhain go leor scoileanna agus BOOnna úsáid rathúil as chun Wifi a fháil, in éag le déanaí. Má tá tú ag smaoineamh ar Wifii oiriúnach a cheannach agus a shuiteáil i do scoil agus má tá comhairle oibiachtúil á lorg agat, lena n-áirítear comhairle theicniúil, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag ictadvice@pdst.ie

Teilgeoirí, Painéil Chothroma Idirghníomhacha (IFPanna)

Níl aon chreat fála ar fáil le haghaidh scoileanna chun meastacháin a lorg maidir le teilgeoirí nó Painéil Chothroma Idirghníomhacha (IFPanna).
Tá plean againn chun creat fála a chur ar fáil thart ar lár an Mhárta 2022, áfach.
Go dtí sin moltar do scoileanna an luach is fearr agus is féidir a fháil trí mheastacháin a lorg ó íosmhéid de 3 sholáthraí TFC/closamhairc.
Má theastaíonn comhairle ó scoileanna, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag ictadvice@pdst.ie

Trealamh TFC nó Bonneagar TFC eile

Má theastaíonn comhairle nó tacaíocht ó scoileanna maidir le trealamh nó bonneagar TFC eile, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag ictadvice@pdst.ie.

Is féidir rochtain a dhéanamh ar fhorléargas ar threoirlínte fála le haghaidh táirgí agus seirbhísí anseo.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.