Skip to main content

Tá Treoir maidir le Bonneagar Teicneolaíochta Digití (BTD) forbartha ag SGFM / SGFM Teiceolaíocht san Oideachas do scoileanna a scríobhadh go sonrach do cheannaireacht scoile, lena n-áirítear príomhoidí, leas-phríomhoidí, an fhoireann foghlama digití agus múinteoir comhordaithe an Bhonneagair Teicneolaíochta Digití. Is é is cuspóir leis an treoir Bonneagar Teicneolaíochta Digití a chur i láthair ar bhealach neamhtheicniúil agus a thaispeáint conas is féidir leis tacú le scoileanna lena gcuspóirí teagaisc agus foghlama a bhaint amach.

Mar gheall ar chastacht an Bhonneagair Teicneolaíochta Dhigití (BTD) atá ag méadú i scoileanna, tá sé ríthábhachtach go mbeadh cur chuige dea-phleanáilte i bhfeidhm. Baineann scoileanna a bhfuil soláthraithe seachtracha ardchaighdeáin TF acu an-leas as an tsamhail sin, mar is féidir le soláthraithe TF a saineolas teicniúil a dhíriú ar réimsí teicniúla, amhail BTD ardchaighdeáin, láidir agus iontaofa a bheith acu. Cuirtear ar chumas scoileanna leis sin a gcuid ama agus saineolais oideolaíochta a dhíriú ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar mheasúnú.

Tá an treoir ar fáil anseo:

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.