Skip to main content

Soláthraíonn Clár Leathanbhanda na Scoileanna foireann chomhtháite seirbhísí do scoileanna lena n-áirítear nascacht leathanbhanda, seirbhísí óstáilte, lena n-áirítear scagadh ábhair, seirbhísí slándála, lena n-áirítear rialú frithvíreas agus balla dóiteáin láraithe.

Tá na seirbhísí sin á mbainistiú ag Foireann Leathanbhanda na Scoileanna lena n-áirítear SMFG- Teicneolaíocht san Oideachas a bheith ag obair go dlúth leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus HEAnet.

Is í an Deasc Seirbhíse Leathanbhanda an pointe teagmhála aonair do scoileanna maidir le Clár Leathanbhanda na Scoileanna.

Leathanbhanda na Scoile

Deasc Seirbhíse Leathanbhanda

Is í an Deasc Seirbhíse Leathanbhanda an pointe teagmhála lárnach a sholáthraíonn faisnéis, comhairle agus tacaíocht theicniúil do scoileanna maidir le Clár Leathanbhanda na Scoileanna.

Chun dul i dteagmháil le Deasc Freastail Leathanbhanda, cuir glaoch ar 1800 33 44 66 nó seol ríomhphost chugainn ag broadbandservicedesk@pdst.ie

Forléargas Scagtha Ábhair

Is gné riachtanach é an scagadh ábhair de Chlár Leathanbhanda na Scoile. Is é is cuspóir le scagadh Ábhair a chinntiú (a mhéid is féidir) nach bhfuil rochtain ar shuíomhanna gréasáin míchuí ná ar ábhar míchuí laistigh de scoileanna. Laistigh den tseirbhís scagtha ábhair a chuirtear ar fáil, tugtar rogha sé leibhéal éagsúla um scagadh ábhair do scoileanna ionas gur féidir leo an leibhéal is fearr a oireann dá gcás féin a roghnú, aoisghrúpa na scoláirí srl. Is féidir le scoileanna roghnú as na sé leibhéal sin, agus cuireann foireann Leathanbhanda na Scoile an leibhéal scagtha ábhair i bhfeidhm don scoil. Más theastaíonn ó scoileanna an leibhéal a chuirtear i bhfeidhm a athrú ina dhiaidh sin, is féidir leo é sin a dhéanamh trí chumarsáid fhoirmiúil i scríbhinn ón scoil chuig Deasc Seirbhíse Leathanbhanda na Scoileanna, arb é an pointe teagmhála aonair é do gach scoil maidir le leathanbhanda na scoileanna. Le córais scagtha ábhair déantar suíomhanna gréasáin a rangú i ‘gcatagóirí’ éagsúla, agus úsáidtear na catagóirí sin chun an chatagóir suímh gréasáin a cheadaítear do scoileanna ar na leibhéil scagtha éagsúla a rialú. Tá leibhéal a haon ar an leibhéal is sriantaí (mar atá leagtha amach thíos), agus is é leibhéal a sé an leibhéal ‘is leithne’ atá ar fáil toisc go gceadaíonn sé rochtain ar shuíomhanna gréasáin ar nós YouTube, blagáil phearsanta agus líonrú sóisialta. Tá achoimre déanta ar na sé leibhéal thíos, cuireann gach ceann de na sé leibhéal bac ar rochtain ar ábhar míchuí i gcatagóirí amhail pornagrafaíocht, foréigean etc.,

Leibhéal 1
Leis an leibhéal scagtha ábhair seo ceadaítear rochtain a fháil ar liosta sonrach de shuíomhanna gréasáin oideachais agus gaolmhara agus de shuíomhanna gréasáin eile a úsáideann scoileanna go minic. Ní úsáideann ach líon an-bheag scoileanna Leibhéal 1, mar go meastar go ginearálta go bhfuil sé beagán róshriantach i bhformhór na scoileanna.

Leibhéal 2
Leis an leibhéal seo, ceadaítear rochtain ar réimse leathan (i.e. na milliúin) suíomhanna gréasáin oideachais agus suíomhanna gréasáin eile, ach bacann sé suíomhanna gréasáin a bhaineann leis an gcatagóir ‘cluichí’.

Leibhéal 3
Is é seo an leibhéal a úsáideann tromlach na scoileanna faoi láthair. Ceadaítear leis rochtain ar na milliúin suíomhanna gréasáin lena n-áirítear cluichí, ach bacann sé ‘YouTube’, agus bacann sé rochtain ar shuíomhanna gréasáin a bhaineann leis an gcatagóir ‘suíomhanna gréasáin pearsanta’ agus suíomhanna gréasáin ar nós Facebook a bhaineann leis an gcatagóir ‘Líonrú Sóisialta’.

Leibhéal 4
Ceadaítear leis an leibhéal seo rochtain ar na suíomhanna gréasáin céanna a cheadaítear i Leibhéal 3, ach ceadaíonn sé rochtain ar ‘YouTube’, atá in úsáid go forleathan i scoileanna don teagasc agus don fhoghlaim le blianta beaga anuas.

Leibhéal 5
Ceadaítear leis an leibhéal seo rochtain ar na suíomhanna gréasáin céanna a cheadaítear i Leibhéal 4, ach ceadaíonn sé rochtain ar ‘catagóir suíomhanna gréasáin pearsanta’, agus cineálacha eile suíomhanna gréasáin dá leithéid, amhail blaganna.

Leibhéal 6
Is é seo an leibhéal is leithne den scagadh ábhair atá ar fáil. Ceadaítear leis an leibhéal seo rochtain ar na suíomhanna gréasáin céanna a cheadaítear i Leibhéal 5, ach ceadaíonn sé rochtain ar ‘shuíomhanna Líonraithe Shóisialta’, agus suíomhanna gréasáin líonraithe shóisialta eile dá leithéid.

An Córas Scagtha Ábhair

Feidhmíonn Líonra Leathanbhanda na Scoile an réiteach scagtha a sholáthraíonn Palo Alto Networks atá ina seirbhísí óstáilte atá deartha chun scagadh URL Gréasáin a sholáthar do scoileanna, leabharlanna, gníomhaireachtaí rialtais agus gnólachtaí fiontair de gach méid.

Cuirtear suíomhanna gréasáin isteach i gcatagóirí, a roinntear ansin ar fud na leibhéal scagtha. Braitheann rochtain ar shuíomh ghréasán ar a chatagóir, agus ar an leibhéal scagtha a chuir scoil isteach air.

In ainneoin go bhfuil na milliúin suíomhanna gréasáin catagóirithe d’fhéadfadh sé go mbeadh suíomh gréasáin gan chatagóir nó d’fhéadfadh sé go ndearnadh é a chatagóiriú go mícheart. Más amhlaidh an cás is féidir catagóir a mholadh don suíomh gréasáin sin don chóras scagtha.

Catagóirí shuíomh gréasáin atá laistigh de leibhéil scagtha

Bain úsáid as an nasc seo a leanas lena fháil amach cad iad na catagóirí a chuimsítear laistigh de gach leibhéal scagtha Catagóirí Scagtha PAN-DB.

Catagóir shuíomh gréasáin a sheiceáil

Bain úsáid as an nasc seo a leanas chun catagóir shuíomh gréasáin a sheiceáil Palo Alto Networks Cuardach Catagóire. Tá an córas uathoibrithe agus freagraíonn sé de ghnáth laistigh de 24 uair. Nuair a dhéanfar an suíomh gréasáin a chatagóiriú, agus ag glacadh leis nach dtagann sé faoi na catagóirí a bhfuil bac orthu, ba cheart go mbeifí ábalta an suíomh gréasáin a fheiceáil ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna.

Conas do leibhéal scagtha scoile a athrú

Is féidir le scoileanna ar mian leo a leibhéal scagtha a athrú an Fhoirm um Leibhéal Scagtha Ábhair (CFL) a íoslódáil agus a sheoladh ar ais.

2ú leibhéal scagtha a iarraidh don scoil

Is féidir le scoil a roghnú go gcuirfí leibhéal scagtha difriúil i bhfeidhm ar líon teoranta gléasanna laistigh den scoil. Cuirtear é sin chun feidhme trí leibhéal scagtha difriúil a chur i bhfeidhm ar raon seoltaí IP a leithdháiltear ar an scoil. Chun an leibhéal scagtha éagsúil sin a úsáid, déantar gléas a chumrú chun ceann de na seoltaí IP a úsáid ón raon a thabharfar don 2ú leibhéal scagtha. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar scagadh ábhair ar dhá leibhéal. Ba chóir do scoileanna ar mian leo an 2ú leibhéal scagtha a bheith acu an Fhoirm um Scagadh Ábhair ar Dhá Leibhéal (SLCF) a íoslódáil agus a sheoladh ar ais.

Scagadh Ábhair Aosach

Is socrú é an ‘Leibhéal Scagtha Ábhair Aosaigh’ a d’fhéadfadh a chur i bhfeidhm, de ghnáth le haghaidh cúpla uair chun imeachtaí oiliúina múinteoirí i scoil a éascú. Catagóirí ábhair áirithe m.sh. Cuirfear bac ar ‘Pornagrafaíocht’ agus ‘Bogearraí Mailíseacha’ go fóill le linn na tréimhsí seo. Caithfear scoileanna atá ag iarraidh leas a bhaint as an leibhéal scagtha seo an Fhoirm Iarratais Scagadh Ábhair Aosaigh a sheoladh ar ais chuig an Deasc Freastail Leathanbhanda seachtain amháin roimh an seirbhís ag teastáil.

Uimhir na Deisce Seirbhíse Leathanbhanda

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.