Skip to main content

Is gné riachtanach agus chomhtháite é scagadh ábhair den tseirbhís leathanbhanda a chuireann Clár Leathanbhanda na Scoileanna ar fáil do scoileanna. Is é is cuspóir le scagadh Ábhair a chinntiú (a mhéid is féidir) nach bhfuil rochtain ar shuíomhanna gréasáin míchuí ná ar ábhar míchuí laistigh de scoileanna. Laistigh den tseirbhís scagtha ábhair a chuirtear ar fáil, tugtar rogha sé leibhéal dhifriúla um scagadh ábhair do scoileanna ionas gur féidir leo an leibhéal is fearr a oireann dá gcás féin a roghnú, aoisghrúpa na scoláirí etc…  Is féidir le scoileanna roghnú as na sé leibhéal sin, agus cuireann foireann Leathanbhanda na Scoileanna an leibhéal scagtha ábhair i bhfeidhm don scoil. Más theastaíonn ó scoileanna an leibhéal a chuirtear i bhfeidhm a athrú ina dhiaidh sin, is féidir leo é sin a dhéanamh trí chumarsáid fhoirmiúil i scríbhinn ón scoil chuig Deasc Seirbhíse Leathanbhanda na Scoileanna, arb é an pointe teagmhála aonair é do gach scoil maidir le leathanbhanda na scoileanna. Le córais scagtha ábhair déantar suíomhanna gréasáin a rangú i ‘gcatagóirí’ éagsúla, agus úsáidtear na catagóirí sin chun an chatagóir suímh gréasáin a cheadaítear do scoileanna ar na leibhéil scagtha éagsúla a rialú. Tá leibhéal a haon ar an leibhéal is sriantaí (mar atá leagtha amach thíos), agus is é leibhéal a sé an leibhéal ‘is leithne’ atá ar fáil toisc go gceadaíonn sé rochtain ar shuíomhanna gréasáin ar nós YouTube, blagáil phearsanta agus líonrú sóisialta. Tá achoimre déanta ar na sé leibhéal thíos, cuireann gach ceann de na sé leibhéal bac ar rochtain ar ábhar míchuí i gcatagóirí amhail pornagrafaíocht, foréigean etc.,

Leibhéal 1
Leis an leibhéal scagtha ábhair seo ceadaítear rochtain a fháil ar liosta sonrach de shuíomhanna gréasáin oideachais agus gaolmhara agus de shuíomhanna gréasáin eile a úsáideann scoileanna go minic. Ní úsáideann ach líon an-bheag scoileanna Leibhéal 1, mar go meastar go ginearálta go bhfuil sé beagán róshriantach i bhformhór na scoileanna.

Leibhéal 2
Leis an leibhéal seo ceadaítear rochtain ar réimse leathan (i.e. na milliúin) suíomhanna gréasáin oideachais agus suíomhanna gréasáin eile ach cuireann sé bac ar shuíomhanna gréasáin a bhaineann leis an  gcatagóir ‘cluichí’.

Leibhéal 3
Is é seo an leibhéal a úsáideann tromlach na scoileanna faoi láthair. Ceadaítear leis rochtain ar na milliúin suíomhanna gréasáin lena n-áirítear cluichí ach cuireann sé cosc ar ‘YouTube’, agus cuireann sé cosc ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin a bhaineann leis an gcatagóir ‘suíomhanna gréasáin pearsanta’ agus suíomhanna gréasáin ar nós Facebook a bhaineann leis an gcatagóir ‘Líonrú Sóisialta’.

Leibhéal 4
Ceadaítear leis an leibhéal seo rochtain ar na suíomhanna gréasáin céanna a cheadaítear i Leibhéal 3, ach ceadaíonn sé rochtain ar ‘YouTube’, atá in úsáid go forleathan i scoileanna don teagasc agus don fhoghlaim le blianta beaga anuas.

Leibhéal 5
Ceadaítear leis an leibhéal seo rochtain ar na suíomhanna gréasáin céanna a cheadaítear i Leibhéal 4, ach ceadaíonn sé rochtain ar ‘catagóir suíomhanna gréasáin pearsanta’, agus cineálacha eile suíomhanna gréasáin dá leithéid, amhail blaganna.

Leibhéal 6
Is é seo an leibhéal is leithne den scagadh ábhair atá ar fáil. Ceadaítear leis an leibhéal seo rochtain ar na suíomhanna gréasáin céanna a cheadaítear i Leibhéal 5, ach ceadaíonn sé rochtain ar ‘shuíomhanna Líonraithe Shóisialta’, agus suíomhanna gréasáin líonraithe shóisialta eile dá leithéid.

An Córas Scagtha
Feidhmíonn Líonra Leathanbhanda na Scoileanna an réiteach scagtha a sholáthraíonn Palo Alto Networks ar seirbhísí óstáilte é atá deartha chun scagadh URL Gréasáin a sholáthar do scoileanna, leabharlanna, gníomhaireachtaí rialtais agus gnólachtaí fiontair de gach méid.

Cuirtear suíomhanna gréasáin isteach i gcatagóirí, a roinntear ansin ar fud na leibhéal scagtha. Braitheann rochtain ar shuíomh ghréasán ar a chatagóir, agus ar an leibhéal scagtha a chuir scoil isteach air.

In ainneoin go bhfuil na milliúin suíomhanna gréasáin catagóirithe d’fhéadfadh sé go mbeadh suíomh gréasáin gan chatagóir nó d’fhéadfadh sé go ndearnadh é a chatagóiriú go mícheart. Más amhlaidh an cás is féidir catagóir a mholadh don suíomh gréasáin sin don chóras scagtha.

Catagóir suímh gréasáin a sheiceáil
Úsáid an nasc seo a leanas chun catagóir suímh gréasáin a sheiceáil Palo Alto Networks Category Lookup Is córas uathoibrithe é agus freagraíonn sé laistigh de 24 uair an chloig de ghnáth. Nuair a dhéanfar an suíomh gréasáin a chatagóiriú, agus ag glacadh leis nach dtagann sé faoi na catagóirí a bhfuil bac orthu, ba cheart go mbeifí ábalta an suíomh gréasáin a fheiceáil ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna.

Sonraí maidir leis na Catagóirí a cheadaítear laistigh de gach Leibhéal Scagtha
Úsáid an nasc seo a leanas lena fháil amach cad iad na catagóirí a chuimsítear laistigh de gach leibhéal scagtha Catagóirí Scagtha PAN-DB

Físeáin Dea-Chleachtais agus Sábháilteacht Idirlín
Cé go scagann Líonra Leathanbhanda na Scoileanna inneachar agus ar ábhair ghréasáin atá míchuí agus díobhálach, beidh ar gach scoile smaoineamh ar an Dea-Chleachtas a leanúint go háirithe maidir le Sábháilteacht Idirlín lena n-áirítear conas gléasanna pearsanta na ndaltaí féin a bhfuil an tIdirlíon cumasaithe orthu a bhainistiú.

Na Leibhéil Scagtha a Athrú
Is féidir le scoileanna ar mian leo a leibhéal scagtha a athrú an Fhoirm um Leibhéal Scagtha Ábhair (LSÁ) a íoslódáil agus a sheoladh ar ais.

Iarr an 2ú Leibhéil Scagtha
Is féidir le scoil a roghnú go gcuirfí leibhéal scagtha difriúil i bhfeidhm ar líon teoranta gléasanna laistigh den scoil. Cuirtear é sin chun feidhme trí leibhéal scagtha difriúil a chur i bhfeidhm ar raon seoltaí IP a leithdháiltear ar an scoil. Chun an leibhéal scagtha éagsúil sin a úsáid, déantar gléas a chumrú chun ceann de na seoltaí IP a úsáid ón raon a thabharfar don 2ú leibhéal scagtha. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar scagadh ábhair ar dhá leibhéal. Ba chóir do scoileanna ar mian leo an 2ú leibhéal scagtha a bheith acu an Foirm um Scagadh Ábhair ar Dhá Leibhéal a íoslódáil agus a sheoladh ar ais.

Scagadh Ábhair Aosach
Tá Leibhéal um Scagadh Ábhair Aosach ann ar féidir é a chasadh air ar feadh cúpla uair an chloig chun ranganna aosach a éascú, go háirithe na cinn do mhúinteoirí nó do thuismitheoirí. Cuirfear bac ar chatagóirí áirithe ábhair le linn na dtréimhsí seo, ar ndóigh e.g. ‘Pornagrafaíocht’ agus ‘Bogearraí Mailíseacha’. Coimeádann an SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas an ceart chun ábhar eile a chosc de réir mar is gá Is féidir le scoileanna ar mian leo leas a bhaint as an leibhéal scagtha sin an Fhoirm Iarratais ar Leibhéal Scagtha Aosach a íoslódáil agus a sheoladh ar ais. Ní mór foirmeacha comhlánaithe a chur ar ais chuig Deasc Seirbhíse SFGM (tá sonraí an tseolta ar an bhfoirm) seachtain roimh an rang.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.