Skip to main content

Seiceálann Líonra Leathanbhanda na Scoileanna trácht isteach http agus smtp le haghaidh víreas. Is é an aidhm leis iarracht a dhéanamh cosc a chur ar víris agus bogearraí mailíseacha/earraí spiaireachta rochtain a fháil ar ghléasanna i scoileanna tríd an idirlíon. Cé go bhféadfadh sé sin stop a chur le víris agus earraí spiaireachta dul isteach i ngléasanna scoile tríd an idirlíon, tá bealaí eile ann, mar shampla trí eochracha USB srl., inar féidir le víris agus earraí spiaireachta gléasanna i scoil a rochtain.

Baineann baol níos mó le roinnt gléasanna ó víris ná cinn eile. Meastar go bhfuil baol íseal ag baint le gléasanna Chromebook agus Apple ar nós iPadanna agus Macbook go n-ionfhabhtaítear le víris iad, agus mar sin níl gá le bogearraí Frithvíreas a shuiteáil orthu. Chomh maith leis sin tá bogearraí Frithvíreas comhtháite i gCóras Oibriúcháin (OS) ‘Windows 10’ is déanaí de chuid Microsoft mar chuid den chóras oibriúcháin, (murab ionann agus leaganacha níos sine OS ar nós Windows 7), tá baol níos ísle ann go n-ionfhabhtódh víreas gléas. 

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Slándáil sonraí cliceáil anseo:

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.