Skip to main content

Roghanna le haghaidh Cur i Láthair sa Seomra Ranga

Teilgeoirí

Baintear úsáid as teilgeoirí go forleathan mar mhodh Cur i Láthair sa seomra ranga. Is iad na príomhchineálacha teilgeoirí a úsáidtear sa seomra ranga ná an Teilgeoir Gearrchaite nó an Teilgeoir Gearrchaite Ultra. D’fhéadfadh teilgeoirí éagsúla a bheith oiriúnach do chásanna éagsúla. Tá plean againn Creat Ceannaigh Teilgeora nua a bheith ar fáil do scoileanna go luath. Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig ictadvice@pdst.ie

Painéil Cothroma Idirghníomhacha

Baintear úsáid as Painéil Cothroma Idirghníomhacha (IFPanna) go forleathan mar mhodh chun aird daltaí a mhealladh isteach i ngníomhaíochtaí foghlama, go háirithe i mBunscoileanna. Is é an cineál 75 orlach an phríomhmhéid IFP a úsáidtear sna seomraí ranga. D’fhéadfadh IFPanna níos lú a bheith oiriúnach do sheomraí tacaíochta foghlama. Tá plean againn Creat Ceannaigh Phainéal Cothrom Idirghníomhach nua a bheith ar fáil do scoileanna go luath. Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig ictadvice@pdst.ie

Scáthánú Scáileáin/Comhroinnt Scáileáin

Is modh é an Scáthánú Scáileáin / Comhroinnt Scáileáin chun scáileán gléis múinteora nó dalta a nascadh le scáileán mór sa seomra ranga, ionas go mbeidh ábhar an ghléis le feiceáil ar an scáileán mór. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan tagairt don cháipéis thíos ‘Cur i Láthair sa Seomra Ranga’. Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig ictadvice@pdst.ie

Amharcléiritheoirí

Is uirlis an-úsáideach é an t-Amharcléiritheoir do mhúinteoirí sa seomra ranga. Baineann Amharcléiritheoirí úsáid as ceamara comhtháite agus cuireann siad íomhá i láthair don teilgeoir nó don phainéal Cothrom idirghníomhach. Le haghaidh tuilleadh eolais ar Amharcléiritheoirí, déan tagairt don cháipéis thís ‘Amharcléiritheoirí’. Le haghaidh tuilleadh eolais ar amharcléiritheoirí, seol ríomhphost chuig ictadvice@pdst.ie

Tugtar comhairle sna doiciméid ghairide seo a leanas ar conas is féidir le scoileanna teilgeoirí, painéil chomhréidhe idirghníomhacha agus amharcléiritheoirí a úsáid chun tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim sa seomra ranga. Pléitear scáthú scáileáin / comhroinnt scáileáin freisin.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.