Skip to main content

Comhairle maidir le ríomhairí a uasghrádú ó Windows 7 go Windows 10 nó córas oibriúcháin atá tacaithe

Rinneamar treoirlíne ghearr a cheangal (féach an nasc thíos) maidir le ríomhairí a uasghrádú ó Win 7 go Córas Oibriúcháin atá tacaithe, (Win 10 nó Chrome OS). De brí gur shonraigh Microsoft nach soláthróidh sé nuashonruithe slándála nó nuashonruithe eile do Win 7 a thuilleadh, molaimid go ndéanfadh scoileanna ar mian leo leanúint le húsáid a bhaint as ‘Windows’ OS a gcuid ríomhairí Win 7 a uasghrádú go Win 10. Is é an dea-scéal, áfach, go bhfuil sé ceadaithe ag Microsoft fós an t-uasghrádú a dhéanamh saor in aisce ar ríomhairí Win 7 atá ann cheana féin, gan bheith ar scoileanna ceadúnas breise Win 10 a cheannach.

Bhaineamar triail as sin le déanaí ar sheanríomhaire mall Windows 7 atá 9 mbliana d’aois, agus cé gur ghlac sé i bhfad níos mó ná uair an chloig chun é a chríochnú, d’oibrigh sé go breá, agus tá an ríomhaire ag obair i bhfad níos gasta anois! Toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh an rogha sin ar fáil amach anseo, luífeadh sé le réasún go ndéanfadh scoileanna an t-uasghrádú chomh luath agus is féidir.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.