Skip to main content

1 Aibreán 2024: Maoiniú €79M chun tacú le foghlaim dhigiteach i scoileanna agus le mionoibreacha tógála.

D’fhógair an tAire Oideachais inniu maoiniú dar luach €79 milliún chun tacú le foghlaim dhigiteach i scoileanna agus le mionoibreacha tógála. Eiseofar maoiniú deontais dar luach €50 milliún do Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) go luath chuig gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta, agus tá maoiniú ar leith dar luach €29 in mionoibreacha á chur ar fáil do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta.

Tá an Preasráiteas ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/press-release/b33bb-minister-foley-announces-79-million-in-funding-for-primary-post-primary-and-special-schools/

Tá an maoiniú TFC á chur ar fáil do scoileanna chun cuidiú leo leanúint le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid ina gcuid teagaisc, foghlama agus measúnaithe, agus is féidir leis na scoileanna sin an maoiniú i gcomhair mionoibreacha a úsáid le haghaidh cothabhála agus feabhsúcháin ar scála beag ar fhoirgnimh agus ar thailte na scoile. Is ionann an deontas TFC €50 milliún agus an dara tráinse de mhaoiniú TFC faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027. Fuair scoileanna maoiniú deontais dar luach €50m TFC roimhe sin don scoilbhliain 2021 go 2022.

Is éard a bheidh sa deontas don Straitéis Dhigiteach TFC ná bundeontas €2,000 do bhunscoileanna mar aon le híocaíocht bhreise de €39 in aghaidh an dalta príomhshrutha, €43 in aghaidh an dalta i scoileanna DEIS agus €47 in aghaidh an dalta le riachtanais speisialta atá ag freastal ar scoil speisialta nó atá ag freastal ar scoil speisialta a bhaineann le bunscoil phríomhshrutha. Mar shampla, gheobhaidh bunscoil ina bhfuil 100 dalta €5,973 agus gheobhaidh bunscoil ina bhfuil 500 dalta €21,865.

Íocfar bundeontas €2,000 le hiar-bhunscoileanna móide €47 in aghaidh an dalta príomhshrutha agus €52 in aghaidh an dalta i scoileanna DEIS. Gheobhadh iar-bhunscoil ina bhfuil 500 dalta €25,840 agus gheobhadh iar-bhunscoil ina bhfuil 1,000 dalta €49,680.

Gheobhaidh scoileanna a ghearrann táillí maoiniú de réir ráta 50 faoin gcéad. Cnapshuim €1,000 agus €23 per capita.

Foilseofar an ciorclán ina leagfar amach na critéir a bhaineann le Scéim Deontais Bonneagair na Straitéise Digití TFC go luath. Eiseofar na deontais sin go huathoibríoch chuig gach scoil i mí Aibreáin.

Is é an maoiniú seo an dara tráinse den phacáiste maoinithe foriomlán (€200m) don bhonneagar TFC mar a fhoráiltear faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027. Tógann an deontas TFC sin ar an €210m a leithdháileadh cheana faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020 roimhe seo, agus an €50 milliúin a eisíodh faoi Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann lena chur ar chumas scoileanna tacú le foghlaimeoirí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais tríd an deighilt dhigiteach.

Tá socruithe á ndéanamh freisin chun €29 milliún a íoc i ndeontais i gcomhair Mionoibreacha le bunscoileanna agus le scoileanna speisialta. Tacóidh sé sin le feidhmiú na mbunscoileanna don scoilbhliain 2024/25 atá le teacht. Leis an tréimhse tosaigh roimh an scoilbhliain nua, tabharfar go leor ama do scoileanna machnamh a dhéanamh ar phleananna agus ar thosaíochtaí maidir le húsáid an mhaoinithe.


Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach

Tá eolas ar Phleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach do scoileanna ar fáil ag www.dlplanning.iea a forbraíodh chun tacú le scoileanna teicneolaíochtaí digiteacha a leabú sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.

Treoir agus faisnéis maidir le TFC

Is féidir treoir ar Bhonneagar na Teicneolaíochta Digití (DTI) a fháil anseo:

Má bhíonn ceisteanna sonracha ag scoileanna maidir le DTI is féidir iad sin a sheoladh ar an ríomhphost chuig ictadvice@oide.ie

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.