Skip to main content

Clúdaítear comhairle ar líonrú agus Wi-Fi sa roinn seo. Má theastaíonn comhairle ó scoileanna sa réimse seo, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag ictadvice@pdst.ie

Líonrú agus Wi-Fi
Go méid atá ag méadú le cúpla bliain anuas, tá líonra na scoile, an líonra Wi-Fi san áireamh, ina ghné ríthábhachtach de Bhonneagar TFC na scoileanna anois. Laistigh de scoil nascann an líonra na gnéithe éagsúla TFC amhail gléasanna ríomhaireachta, líonra seasta agus líonra Wi-Fi agus gnéithe eile TFC ar fud na scoile. Ceanglaíonn sé líonra na scoile leis an idirlíon freisin trí nasc leathanbhanda na scoile.

Nuair a theastaíonn ó scoileanna córas nua Wi-Fi a cheannach nó an córas atá acu a uasghrádú ní mór dóibh córas a cheannach atá oiriúnach dá gcás scoile. Bíonn líon agus dlús níos airde gléasanna Wi-Fi ag scoileanna i gcomparáid le cásanna eile go ginearálta, agus caithfidh siad córais a cheannach ar féidir leo freastal ar riachtanais éilitheacha an oideachais sa lá atá inniu ann.

Breithnithe Teicniúla agus Ceannaigh gan Sreang: Chuaigh an creat ceannaigh gan sreang a bhí ann le 4 bliana, agus ar bhain go leor scoileanna agus BOOnna úsáid rathúil as chun Wi-Fi a fháil in éag le déanaí. Má tá tú ag smaoineamh ar Wi-Fi oiriúnach a cheannach agus a shuiteáil i do scoil agus má tá comhairle oibiachtúil á lorg agat, lena n-áirítear comhairle theicniúil, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag ictadvice@pdst.ie

Treoir Theicniúil faoin teicneolaíocht ‘Gan Sreang’ le haghaidh Scoileanna

Iar-bhunscoileanna

Maidir le hIar-bunscoileanna atá bainteach le cláir crutha nua nó athchóirithe, cuideoidh an doiciméad ‘Guidance Document for the Provision of Wireless Network Installations in Post Primary Schools’ le scoileanna chun obair lena dtógálaithe scoile chun an sonraíocht an fhoirgnimh a bhfuil Wi-Fi aige a thuiscint. Tá an treoirlíne ar fáil anseo:

Bunscoileanna

Maidir le bunscoileanna nó scoileanna speisialta atá bainteach le cruthanna nua nó athchóiriú, cuideoidh an doiciméad ‘Guidance Document for the Provision of Wireless Network Installations in Primary Schools’ le scoileanna chun obair lena dtógálaithe scoile chun an sonraíocht nua an fhoirgnimh a bhfuil Wi-Fi aige a thuiscint. Tá an doiciméad ar fáil anseo:

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.