Skip to main content

Tá Slándáil Sonraí agus Cibearshlándáil ina ngnéithe ríthábhachtacha do scoileanna. Baineann slándáil sonraí le sonraí na scoile a bhainistiú lena chinntiú go mbeidh siad slán, agus chun iad a chosaint ionas nach scriosfar, ná gcaillfear nó ná ngoidfear iad.

Ó dhearcadh scoile de, tá sé mar aidhm le slándáil sonraí córais scoile, gléasanna scoile agus na sonraí a stóráiltear sna córais sin a chosaint ionas nach scriosfar, ná gcaillfear nó ná ngoidfear sonraí.

Ní mór do scoileanna a chinntiú nach gcaillfear sonraí tábhachtacha scoile, nach ndéanfar damáiste dóibh nó nach gcuirfear i mbaol iad agus go ndéanfar na córais nó na gléasanna ina stóráiltear na sonraí a chosaint.

Is ionann cibirionsaithe agus iarrachtaí a dhéanann tríú páirtithe ar an idirlíon córais nó sonraí a ghoid nó a chur i mbaol.

Úsáideann cibearshlándáil teicneolaíochtaí, próisis agus rialuithe chun cosaint a thabhairt do chórais, líonraí, gléasanna agus sonraí ar chibirionsaithe. Tá sé mar aidhm léi an riosca a bhaineann le cibironsaithe a laghdú agus cosaint a thabhairt ar chaillteanas sonraí.

Nuair ionfhabhtaítear ríomhaire le bogearraí éirice criptíonn siad (nó glasálann siad) na comhaid ionas nach féidir iad a rochtain. Tá comhairle curtha ar fáil thíos do scoileanna maidir le conas an baol go gcaillfí sonraí agus an baol cibirionsaí a laghdú.

Eolas tábhachtach le haghaidh scoileanna

Moladh maidir leis an gCibearshlándáil le haghaidh scoileanna

Tá Slándáil Sonraí ríthábhachtach le haghaidh gach scoil. Tharla cúpla ionsaí mór ó bhogearraí éirice le déanaí a bhí mar chúis le cuid mhór fadhbanna d’úsáideoirí ríomhaire. Nuair ionfhabhtaítear ríomhaire le bogearraí éirice criptíonn siad (nó glasálann siad) na comhaid ionas nach féidir iad a rochtain. Déanfaidh siad iarracht aon tiomántán nasctha nó fillteán a bhfuil rochtain ag an ríomhaire ionfhabhtaithe air a chriptiú. Go ginearálta, bíonn airgead fuascailte á iarraidh mar chuid den ionsaí sular féidir fillteáin a aischur. Molaimid GAN aon airgead fuascailte a íoc, toisc go spreagann sé seo tuilleadh ionsaithe ó bhogearraí éirice, agus ní féidir a bheith cinnte go ndíghlasálfar na comhaid. Is féidir ríomhaire a ionfhabhtú má osclaíonn an úsáideoir ríomhphoist truaillithe nó má thugtar cuairt ar shuíomh gréasáin nó nasc atá i mbaoil. Is féidir le bogearraí éirice cur isteach go mór ar chúrsaí.

Seo roinnt céimeanna tábhachtacha coisctheacha chun an riosca ionfhabhtaithe a laghdú (baineann sé seo le ríomhairí glúine agus ríomhairí pearsanta baile freisin):

  • Seachain suíomhanna gréasáin agus íoslódálacha amhrasacha. Seachain ceangaltáin a bhfuil cuma amhrasach orthu a oscailt. Smaoinigh faoi dhó sula gcliceálann tú.
  • Bí aireach ar ríomhphoist a bhfuil cuma amhrasach orthu. Ní cheart duit aon ríomhphost le ceangaltán a oscailt riamh más ó fhoinse neamhaithnid atá sé, agus fiú nuair atá aithne agat ar an bhfoinse, ba cheart duit a bheith cúramach, ach go háirithe má tá sé gan iarraidh. Ní cheart duit cliceáil ar aon nasc leabaithe HTML i ríomhphoist agus ba cheart duit a bheith ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann le suíomhanna gréasáin áirithe.
  • Tá roinnt gléasanna i mbaol maidir le víris ná gléasanna eile. Meastar go bhfuil baol íseal ag baint le ríomhairí Chromebook agus gléasanna Apple ar nós iPadanna agus ríomhairí Macbook ó thaobh ionfhabhtaithe le víreas de, agus mar sin níl gá le bogearraí Frithvíreas a shuiteáil orthu. Chomh maith leis sin tá bogearraí Frithvíreas comhtháite i gCóras Oibriúcháin (OS) is déanaí de chuid Microsoft, ‘Windows 10’, mar chuid den chóras oibriúcháin, (murab ionann agus leaganacha níos sine den OS ar nós Windows 7), tá baol níos ísle ann go n-ionfhabhtódh víreas gléas.
  • Nuashonruithe bogearraí a shuiteáil chomh luath agus a gcuirtear ar fáil iad ó sholáthraithe bogearraí.
  • Comhaid thábhachtacha a chúltacú, tá cóip mhaith chúltaca agat atá slán sábháilte.
  • Sa chás go bhfeictear próiseas amhrasach ar do ríomhaire, cas an nasc Idirlín as ar an bpointe.
  • Cinntigh go bhfuil do Wifi sábháilte.
  • Cas naisc neamhúsáidte as, ar nós poirt Bluetooth nó infridheirg.

Comhairle maidir le bogearraí éirice a sheachaint ó do ríomhaire a ionfhabhtú:

Seo roinnt naisc úsáideacha chun cuidiú le scoileanna:

An Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála: https://ncsc.gov.ie/guidance/

Treoir Thapa: Cibearshlándáil le haghaidh scoileanna: https://ncsc.gov.ie/pdfs/NCSC_Quick_Guide_Schools.pdf

Tháirg an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála treoir chun cuidiú le heagraíochtaí bogearraí éirice a thuiscint agus a bheith cosanta uathu. https://twitter.com/Dept_ECC/status/1452958940141084679

Tips-advice-to-prevent-ransomware

Bí aireach ar Ríomhphoist nó Glaonna gan iarraidh nó atá ina gcamscéimeanna

Faigheann do scoil glao nó ríomhphost, le teachtaireacht ‘a bhfuil cuma úsáideach uirthi’ go bhfuil páirtí seachtrach ag déanamh teagmhála leat chun fadhb TF a réiteach i do scoil nó ar do ríomhaire. B’fhéidir go ndéarfaidís go bhfuil siad ag déanamh teagmhála leat ó chuideachta a sholáthraíonn seirbhísí do do scoil cheana féin, agus mar sin d’fhéadfadh sé go n-aithneofá ainm an chomhlachta/an ríomhphost a sholáthraíonn siad. Mura féidir leat a bheith cinnte go bhfuil an ríomhphost nó an glao gutháin barántúil d’fhéadfadh sé go bhfuil iarracht á déanamh scéiméireacht a dhéanamh ort. Is é an gríosú do chamscéimeanna rochtain a fháil ar d’fhaisnéis logáil isteach nó ar shonraí bainc (uimhreacha PIN, pasfhocail etc.) ar mhaithe le gnóthachan airgeadais atá mídhleathach/calaoiseach.

B’fhéidir go ndéarfadh an glaoiteoir/ríomhphost go dteastaíonn uathu rochtain a fháil ar shuíomh gréasáin ar leith chun fadhb TF a réiteach. B’fhéidir go mbeadh an chuma air gur fíorshuíomh gréasáin úsáideach é an suíomh gréasáin, le lógónna a aithníonn tú, chun do mhuinín a fháil. B’fhéidir go n-iarrfaidís ort cliceáil ar nasc ar an suíomh gréasáin. Bíonn nasc chuig leathanach gréasáin bréige mailíseach i ríomhphoist chamscéime nó ‘fioscaireachta’, a úsáidtear chun do shonraí logála isteach a fháil. Ná cliceáil ar aon nasc agus ná oscail aon cheangaltán. B’fhéidir go n-iarrfadh caimiléirí ort nuashonrú bogearraí a íoslódáil ar do ríomhaire chun fadhb a ‘réiteach’. Nuair a bheidh a gcuid bogearraí gníomhachtaithe ar do ríomhaire, b’fhéidir go mbeadh an damáiste is mó déanta cheana féin.

Má cheapann tú go ndearnadh scéiméireacht den sórt sin ort, déan na céimeanna seo a leanas.

1. Cas as do ríomhaire láithreach.

2. Dícheangail an ríomhaire ó líonra na scoile trí a chábla líonra a phlugáil amach.

3. Déan teagmháil le do sholáthraí Cárta Bainc agus Creidmheasa le haghaidh do chuntais scoile. Mínigh cad a tharla agus lean a gcomhairle. Cuir ceist orthu an gá duit do chuntais/chártaí a chur ar ceal nó a reo.

4. Déan teagmháil le do chuideachta tacaíochta TF scoile agus cuir in iúl dóibh go mb’fhéidir go ndearnadh scéiméireacht ort. Mínigh cad a tharla, agus lean a gcomhairle.

5. Má tá sonraí gutháin nó ríomhphoist agat maidir leis an gcaimiléir ionchasach, tuairiscigh iad sin do na Gardaí.

Pointí Tábhachtacha Eile

1. Ná tabhair freagra choíche ar ríomhphoist turscair/camscéime amhrasta

2. Bain úsáid as pasfhocail ‘láidre’ i gcónaí agus ná bain úsáid as an bpasfhocal céanna ar shuíomhanna ghréasáin iomadúla choíche

3. Ná tabhair sonraí logáil isteach, pasfhocail, PIN, sonraí bainc nó cárta creidmheasa do pháirtithe eile choíche

4. Coinnigh córas oibriúcháin, feidhmchlár ríomhphost agus brabhsálaí gréasáin do ríomhaire cothrom le dáta

Roinnt nasc suíomhanna gréasáin ábhartha:

https://www.citizensinformation.ie/en/consumer/common_consumer_problems/scams_and_fraud.html

https://www.garda.ie/en/crime/fraud/

https://www.fraudsmart.ie/personal/fraud-scams/

https://www.fraudsmart.ie/personal/fraud-scams/email-fraud/phishing/

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.