Skip to main content

Seachain R-phoist nó Glaonna Nár Iarradh – d’fhéadfadh sé gur CAMSCÉIM atá ann

Home » Teicneolaíocht agus Bonneagar » Slándáil sonraí » Seachain R-phoist nó Glaonna Nár Iarradh – d’fhéadfadh sé gur CAMSCÉIM atá ann

Faigheann do scoil glao nó ríomhphost, le teachtaireacht ‘a bhfuil cuma úsáideach uirthi’ go bhfuil páirtí seachtrach ag déanamh teagmhála leat chun fadhb TF a réiteach i do scoil nó ar do ríomhaire. B’fhéidir go ndéarfaidís go bhfuil siad ag déanamh teagmhála leat ó chuideachta a sholáthraíonn seirbhísí do do scoil cheana féin, agus mar sin d’fhéadfadh sé go n-aithneofá ainm an chomhlachta/an ríomhphost a sholáthraíonn siad. Mura féidir leat a bheith cinnte go bhfuil an ríomhphost nó an glao gutháin barántúil d’fhéadfadh sé go bhfuil iarracht á déanamh scéiméireacht a dhéanamh ort. Is é an gríosú do chamscéimeanna rochtain a fháil ar d’fhaisnéis logáil isteach nó ar shonraí bainc (uimhreacha PIN, pasfhocail etc.) ar mhaithe le gnóthachan airgeadais atá mídhleathach/calaoiseach.

B’fhéidir go ndéarfadh an glaoiteoir/ríomhphost go dteastaíonn uathu rochtain a fháil ar shuíomh gréasáin ar leith chun fadhb TF a réiteach. B’fhéidir go mbeadh an chuma air gur fíorshuíomh gréasáin úsáideach é an suíomh gréasáin, le lógónna a aithníonn tú, chun do mhuinín a fháil. B’fhéidir go n-iarrfaidís ort cliceáil ar nasc ar an suíomh gréasáin. Bíonn nasc chuig leathanach gréasáin bréige mailíseach i ríomhphoist chamscéime nó ‘fioscaireachta’, a úsáidtear chun do shonraí logáil isteach a fháil. Ná cliceáil ar aon naisc ná ceangaltáin oscailte. B’fhéidir go n-iarrfadh caimiléirí ort nuashonrú bogearraí a íoslódáil ar do ríomhaire chun fadhb a ‘réiteach’. Nuair a bheidh a gcuid bogearraí gníomhachtaithe ar do ríomhaire, b’fhéidir go mbeadh an damáiste is mó déanta cheana féin.

Má cheapann tú go ndearnadh scéiméireacht den sórt sin ort, déan na céimeanna seo a leanas.

1. Cas as do ríomhaire láithreach.

2. Dícheangail an ríomhaire ó líonra na scoile trí a chábla líonra a phlugáil amach.

3. Déan teagmháil le do sholáthraí Cárta Bainc agus Creidmheasa le haghaidh do chuntais scoile. Mínigh cad a tharla agus lean a gcomhairle. Cuir ceist orthu an gá duit do chuntais/chártaí a chur ar ceal nó a reo.

4. Déan teagmháil le do chuideachta tacaíochta TF scoile agus cuir in iúl dóibh go mb’fhéidir go ndearnadh scéiméireacht ort. Mínigh cad a tharla, agus lean a gcomhairle.

5. Má tá sonraí gutháin nó ríomhphoist agat maidir leis an gcaimiléir ionchasach, tuairiscigh iad sin do na Gardaí.

Pointí Tábhachtacha Eile

1. Ná tabhair freagra choíche ar ríomhphoist turscair/camscéime amhrasta

2. Bain úsáid as pasfhocail ‘láidre’ i gcónaí agus ná bain úsáid as an bpasfhocal céanna ar shuíomhanna ghréasáin iomadúla choíche

3. Ná tabhair sonraí logáil isteach, pasfhocail, PIN, sonraí bainc nó cárta creidmheasa do pháirtithe eile choíche

4. Coinnigh córas oibriúcháin, feidhmchlár ríomhphost agus brabhsálaí gréasáin do ríomhaire cothrom le dáta

Roinnt nasc suíomhanna gréasáin ábhartha:

https://www.citizensinformation.ie/en/consumer/common_consumer_problems/scams_and_fraud.html

https://www.garda.ie/en/crime/fraud/

https://www.fraudsmart.ie/personal/fraud-scams/

https://www.fraudsmart.ie/personal/fraud-scams/email-fraud/phishing/

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.