Skip to main content

An tábhacht a bhaineann le Tacaíocht Theicniúil

Mar gheall ar chastacht an Bhonneagair Teicneolaíochta Digití (BTD) atá ag méadú i scoileanna, tá sé ríthábhachtach go mbeadh cur chuige dea-phleanáilte maidir le tacaíocht theicniúil i bhfeidhm. Baineann scoileanna a bhfuil próiseas tacaíochta teicniúla ardchaighdeáin i bhfeidhm acu le soláthraithe TF seachtracha oiriúnacha tairbhe mhór as an tsamhail seo, toisc gur féidir le soláthraithe TF a saineolas teicniúil a dhíriú ar na réimsí teicniúla, amhail BTD ardchaighdeáin, láidir agus iontaofa a bheith i bhfeidhm, agus cuireann sé sin ar chumas na scoile a bhfuinneamh agus saineolas a dhíriú ar réimsí teagaisc agus foghlama chun tacú le scoláirí. Tá ‘Treoir Tacaíochta Teicniúla’ forbartha ag SGFM – Teicneolaíocht san Oideachas do scoileanna chun cuidiú leo tacaíocht theicniúil a bhainistiú. Is féidir an treoir sin a íoslódáil tríd an nasc thíos.

Iniúchadh ar an mBonneagar Teicneolaíochta Digití (BTD)

Molann SGFM – Teicneolaíocht san Oideachas Iniúchadh a dhéanamh ar an mBonneagar Teicneolaíochta Digití do scoileanna chun stádas a BTD a sheiceáil, lena sheiceáil an bhfuil sé oiriúnach don fheidhm, láidir agus an gcomhlíonann sé na sonraíochtaí teicniúla íosta atá molta.

Ba cheart go seiceálfaí leis an Iniúchadh an gcomhlíonann bonneagar na scoile na sonraíochtaí teicniúla íosta atá molta a léirítear sa Treoir Tacaíochta Teicniúla agus sa teimpléad don Iniúchadh BTD (thíos).
Is féidir le raon saincheisteanna cur isteach ar staid nó ar cháilíocht an bhonneagair i scoil a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le díghrádú nó nach mbeadh sé oiriúnach don fheidhm a thuilleadh.  D’fhéadfadh go n-áireofaí ar na saincheisteanna sin éileamh méadaithe ar an líonra, saincheisteanna trealaimh is cúis le feidhmíocht dhíghrádaithe, tosca seachtracha, fadhbanna nár diagnóisíodh, earráidí cumraíochta, bogearraí as dáta, saincheisteanna crua-earraí, bagairtí méadaithe cibearshlándála etc.,
Ní mór gurb iad soláthraí gairmiúla TF a bhfuil an leibhéal ábhartha saineolais theicniúil acu, agus a bhfuil taithí acu ar oibriú le scoileanna, a dhéanfaidh iniúchtaí BTD.
I ndiaidh Iniúchadh TD, ba chóir don soláthraí TF Tuairisc Iniúchta a chruthú don scoil.
Is féidir achoimre aon leathanaigh BTD a íoslódáil tríd an nasc thíos.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.