Skip to main content

Accordion 1

Heading 1

Text goes here

Heading 2

Text goes here

Soláthraítear sa roinn seo forléargas ar Bhonneagar TFC i Scoileanna. Má theastaíonn comhairle ó scoileanna faoi threalamh nó faoi bhonneagar TFC, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag ictadvice@pdst.ie

Soláthraítear forléargas gairid san alt seo ar chuid de na príomhréimsí Bonneagair TFC atá ag éirí níos ábhartha chun tacú leis an teagasc, leis an bhfoghlaim, leis an measúnú agus leis an riarachán i scoileanna. Cuirtear béim san alt chomh maith ar roinnt athruithe agus treochtaí atá ag tarlú maidir leis an dóigh a bhfuil scoileanna ag úsáid TFC.

Forléargas ar réimsí bonneagair TFC do scoileanna

Léirítear san íomhá roinnt príomhréimsí TFC do scoileanna, lena n-áirítear líonraí gan sreang scoile, a nascann gléasanna móibíleacha múinteoirí agus scoláirí trí leathanbhanda le huirlisí agus feidhmchláir néalbhunaithe. Cé go bhfuil gach scoil uathúil ó thaobh méide, suímh agus cá háit a bhfuil siad ó thaobh úsáid a bhaint as TFC, tá roinnt athruithe agus treochtaí coitianta ag tarlú maidir leis an dóigh a bhfuil scoileanna ag úsáid TFC. Áirítear leo sin:

  • Úsáid mhéadaithe as uirlisí agus feidhmchláir néalbhunaithe ag scoileanna
  • An tábhacht a bhaineann le leathanbhanda tapa/iontaofa chun nascadh le feidhmchláir neálbhunaithe
  • Úsáid gléasanna móibíleacha ríomhaireachta ag múinteoirí agus scoláirí, lena n-áirítear i réimsí SEN
  • An tábhacht atá le líonraí Wi-Fi oiriúnacha laistigh de scoileanna chun tacú le foghlaim mhóibíleach
  • Athruithe ar an dóigh a bhfuil scáileáin á scáthánú agus roghanna eile seachas teilgeoirí sna seomraí ranga

Uirlisí agus feidhmchláir néalbhunaithe
Tá níos mó agus níos mó úsáid á baint ag scoileanna as réimse leathan uirlisí agus feidhmchlár néalbhunaithe chun tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Tá a lán acu saor in aisce agus cuireann siad réimse éagsúil éabhlóideach féidearthachtaí ar fáil chun an fhoghlaim a fheabhsú. Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar ár roinn um chomhairle ar ‘Uirlisí/Feidhmchláir Néalbhunaithe’.

Leathanbhada
Tá leathanbhanda tapa iontaofa ríthábhachtach chun rochtain a fháil ar acmhainní foghlama ar líne. Tá leathanbhanda ardluais 100Mghiotán/soicind ag gach Iar-bhunscoil.  Maidir le Bunscoileanna sna míonna amach romhainn tá sé beartaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna tairiscint a dhéanamh i gcomhair leathanbhanda níos tapúla a fháil do Bhunscoileanna chun freagairt ar an éileamh atá ag síormhéadú. Cé go mbraitheann leathanbhanda ar infhaighteacht ó sholáthraithe réigiúnacha, cuirfear tús le huasghráduithe ó Mheán Fómhair 2015, go háitiúil nuair is féidir. Is é Deasc Seirbhíse Leathanbhanda na Scoileanna an pointe teagmhála aonair do scoileanna ag broadbandservicedesk@pdst.ie or 1800 33 44 66. Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar ár roinn um chomhairle ar Leathanbhanda Scoileanna.

Gléasanna Móibíleacha um Fhoghlaim / BYOD
Tá níos mó agus níos mó scoileanna ag baint úsáid as gléasanna móibíleacha sna seomraí ranga anois seachas ríomhairí deisce pearsanta. Chomh maith leis sin tá níos mó táibléad á gceannach in ionad ríomhairí glúine mar go dtugann siad roghanna eile do scoileanna chun tacú le foghlaim mhóibíleach. Athrú atá atá ag bailiú nirt is ea a cheadú do scoláirí a ngléasanna féin (BYOD) a thabhairt isteach chun foghlaim. Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar ár roinn um chomhairle ar ‘Gléasanna/Táibléid Ríomhaireachta’.

Líonra Gan Sreang / Líonraí Wi-Fi
Chun tacú le foghlaim éifeachtach trí úsáid a bhaint as gléasanna móibíleacha tá líonra Wi-Fi atá ‘oiriúnach don fheidhm’ ríthábhachtach anois i scoileanna. Ceanglaíonn córais Wi-Fi gléasanna móibíleacha le hacmhainní ar líne tríd an nasc leathanbhanda agus mar sin braitheann an fhoghlaim mhóibíleach, Wi-Fi scoile, leathanbhanda agus úsáid néalríomhaireachta ar a chéile. Tá sé tábhachtach má tá líonra gan sreang á cheannach ag scoileanna go n-iarrfadh siad comhairle neamhspleách. Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar ár roinn um chomhairle ar ‘Líonrú/Líonraí Gan Sreang’.

Cur i Láthair sa Seomra Ranga
Tá réimse cur chuige idirghníomhach in úsáid ag múinteoirí chun ‘cur i láthair’ a dhéanamh sna seomraí ranga. Cé go bhfuil cláir bhána idirghníomhacha (CBInna) fós oiriúnach don fheidhm nuair a bhaintear úsáid éifeachtach astu, is féidir le teicneolaíochtaí ar nós Apple TV nó cuir chuige scáthánaithe eile scáileáin múinteoirí nó scoláirí a chumasú lena scáthánú gan sreang ar scáileán mór. Chomh maith leis sin is féidir le scáileáin réidhe idirghníomhacha móra (cé go bhfuil sé níos costasaí lena cheannach) rogha eile a sholáthar seachas CBInna agus/nó teilgeoir do cheannacháin nua. Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar ár roinn um chomhairle ar ‘Cur i Láthair sa Seomra Ranga’.

Tuilleadh eolais:
Tá raon comhairle bhreise ar réimsí bonneagair TFC ar fáil ar ár suíomh gréasáin anseo. Tá fáilte roimh scoileanna freisin a gcuid ceisteanna a chur ar an ríomhphost chuig ictadvice@pdst.ie.

I bhFíseáin Dea-Chleachtais na scoile taispeántar conas a úsáideann múinteoirí TFC chun tacú leis an bhfoghlaim, agus tá siad ar fáil anseo.

Soláthraítear sa Lámhleabhar r-Fhoghlama treoir maidir le plean r-Fhoghlama scoile a fhorbairt. Le haghaidh tuilleadh eolais féach anseo.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.