Skip to main content

FÍS – Scannánaíocht sa Scoil

Is tionscadal scannánaíochta an-rathúil é FÍS do bhunscoileanna ina ndéantar iniúchadh ar scannánaíocht agus beochan mar mheán léirithe i ndáil leis na healaíona, agus cuireann sé gnéithe den phróiseas scannánaíochta i láthair leanaí.

Chuir an Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta i nDún Laoghaire Tionscadal Scannánaíocht FiS ar bun ar dtús mar threoirthionscadal i 28 scoil ach cuireadh i bhfeidhm é ina dhiaidh sin i ngach scoil ar fud na tíre in 2000 le tacaíocht ón Roinn Oideachais agus leis an NCTE a bhí ann an tráth sin (SMFG-Teicneolaíocht san Oideachas anois) mar phríomh-chomhpháirtí.

D’éirigh leis an tionscadal maidir le cuidiú le leanaí scileanna riachtanacha a fhorbairt i litearthacht íomhánna gluaisteacha, i gcumarsáid agus in obair foirne. Tá sé tuairiscithe ag múinteoirí go bhforbraíonn na leanaí scileanna breise i bhfadhbréiteach, smaointeoireacht chriticiúil, imscrúdú agus anailís. Ceapann na múinteoirí agus na leanaí araon go bhfuil an t-eispéireas fiúntach tairbheach.

Físeáin samplacha

Bullaun National School video ‘Hidden’ 

Gaelscoil Riabhach ‘An Croi’ 

Acmhainní FÍS

Féach ar an suíomh FÍS Film Project chun teacht ar:

Físeáin Teagaisc ar gach rud ó réamhthairgeadh go eagarthóireachta.

Ceachtanna Samplacha FÍS don ranga.

Físeáin dea-chleachtais ó scoileanna a bhuaigh duaiseanna san tionscnamh FÍS:

  • How we created our FÍS film. Cuireann Madonna ar fáil anseo treoir céim ar chéim chun scannán a dhéanamh i seomra ranga na bunscoile, lena n-áirítear céim thaighde, scéalchlár a dhéanamh agus céimeanna pleanála. Bhain Madonna úsáid as acmhainní agus as treoir a bhí ar fáil ar shuíomh gréasáin Thionscadal Scannán FÍS, agus déanann sí cur síos ar na gléasanna agus bogearraí a d’úsáid siad sa tionscadal.
  • FÍS Film Project in a Primary School. Cuireann múinteoir Stephanie Herwood, Cregmore National School in iúl dúinn conas ar chruthaigh a rang físeáin le haghaidh FÍS.

Conas a bheith páirteach

Féach ar shuíomh gréasáin FÍS Film Project  chun tuilleadh eolais a fháil.

Is é deireadh mhí an Mheithimh an spriocdháta maidir le scannán a chur isteach, mar sin tá
go leor ama chun tús a chur ar an tionscadal le do rang.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.