Skip to main content

Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach

Soláthraíonn an SFGM-Teicneolaíocht san Oideachas comhairle agus acmhainní chun cuidiú le scoileanna teicneolaíochtaí digiteacha a leabú go héifeachtach sa teagasc agus san fhoghlaim.

D’fhógair Norma Foley TD, an tAire Oideachais, ar an 13 Aibreán, foilsiú na Straitéise Digití do Scoileanna go dtí 2027 agus íocaíocht €50 milliún i maoiniú deontais do bhonneagar teicneolaíochta digití do gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta.

Mar thoradh ar an straitéis seo, déanfar dul chun cinn ar chur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí digiteacha ar fud an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe, ag tógáil ar an obair a rinneadh faoi na straitéisí roimhe seo. Tá sé mar aidhm léi tacaíocht bhreise a thabhairt don chóras scoileanna ionas gur féidir leis na scoláirí uile inár scoileanna ar fad an deis a fháil leis an eolas agus na scileanna a bhaint amach atá ag teastáil uathu chun a mbealach a dhéanamh go rathúil i saol digiteach a bhíonn ag athrú de shíor.

Forbraíodh an straitéis tar éis próiseas comhairliúcháin leathan fairsing.

Nasc chuig an Straitéis Digití (PDF): https://assets.gov.ie/221285/6fc98405-d345-41a3-a770-c97e1a4479d3.pdf

Suíomh gréasáin um Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach

Cuidíonn an suíomh gréasáin um Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach, www.dlplanning.ie, le scoileanna pleanáil i gcomhair feabhas scoile san fhoghlaim dhigiteach. Soláthraítear leagan idirghníomhach ann den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach, ina ndéantar caighdeáin agus ráitis chleachtais éifeachtacha a mhapáil le heiseamláirí físeáin.

Tá sé mar aidhm leis soiléireacht a chur ar fáil do cheannairí scoile agus do sholáthraithe oideachais maidir le conas fís chomhroinnte a chruthú faoin dóigh is fearr ar féidir leis an teicneolaíocht freastal ar riachtanais gach foghlaimeora.

Faigh rochtain ar DLPlanning.ie

Tacaíocht Phleanála scoilbhunaithe

Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar chuairt tacaíochta scoile ó Chomhairleoir Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM freisin chun cuidiú leo agus iad ag pleanáil do theicneolaíochtaí digiteacha. Tá sé sin ar fáil do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna agus féachtar leis le tacaíocht phraiticiúil a thabhairt do scoileanna chun plean foghlama digití a fhorbairt agus FGL a sholáthar nuair is cuí.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.