Skip to main content

Treoirlíne um Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach
Leagtar amach sna Treoirlínte um Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach an próiseas pleanála don Fhoghlaim Dhigiteach i do scoil. Tugtar eolas ann faoin bpróiseas sé chéim lena gcuirfear cruth ar an bplean don Fhoghlaim Dhigiteach i do scoile agus cuirtear síos ann ar roinnt bealaí inar féidir le do scoil an Creat don Fhoghlaim Dhigiteach a chur i bhfeidhm. Cúrsa nua ar líne ó SGFM- Teicneolaíocht san Oideachas, Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a Fhorbairt do do Scoil, ar fáil trí TeacherCPD.ie chun cuidiú leat leis an bpróiseas seo.


Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Forbraíodh an Creat don Fhoghlaim Dhigiteach chun cuidiú le scoileanna teicneolaíochtaí digiteacha a leabú go héifeachtach sa teagasc agus san fhoghlaim. Soláthraítear soiléireacht leis do cheannairí scoile agus do sholáthraithe oideachais maidir le conas fís chomhroinnte a chruthú faoin dóigh is fearr ar féidir leis an teicneolaíocht freastal ar riachtanais gach foghlaimeora.

Eiseamláirí Físeáin
Sa roinn ‘Dea-Chleachtas’ den suíomh gréasáin seo gheobhaidh tú físeáin de mhúinteoirí agus teicneolaíochtaí digiteacha a gcomhtháthú acu ina seomraí ranga, chomh maith le hagallaimh le scoláirí, múinteoirí, príomhoidí agus múinteoirí comhordiúcháin TFC faoin teicneolaíocht dhigiteach ina gcuid scoileanna. Tá na físeáin sin ailínithe leis na Caighdeáin sa Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach mar eiseamláirí lena húsáid agus lena roinnt le comhghleacaithe agus iad ag obair ar chuid ar leith den Chreat don Foghlaim Dhigiteach. Tá naisc chuig na físeáin ábhartha ar fáil sna PDFanna thíos.

Gné: Ceannaireacht agus Bainistíocht

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.