Skip to main content

Pobail Dhigiteacha Cleachtais

Príomhfhís de chuid na Roinne Oideachais faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna (2015-2020) ab ea pobail cleachtais a chruthú chun an dea-chleachtas i gcur chun feidhme an Chreata don Fhoghlaim Dhigiteach a bhreithniú agus a phleanáil. Príomhréimse oibre do SGFM / SGFM Teiceolaíocht san Oideachas is ea Pobail Dhigiteacha Cleachtais a chruthú agus tacú leo.

Ach cad is Pobal Cleachtais ann?

“Ní rud é pobal cleachtais i ndáiríre, ach is próiseas é ina dtarlaíonn an fhoghlaim shóisialta toisc go bhfuil suim choiteann ag na daoine a ghlacann páirt sa phróiseas sin in ábhar nó i bhfadhb éigin agus go bhfuil siad toilteanach comhoibriú le daoine eile a bhfuil an tsuim chéanna acu thar tréimhse fhada.

Is é toradh an phróisis sin smaointe a roinnt, teacht ar réitigh ar fhadhbanna coitianta agus stór a chruthú (sna rannpháirtithe agus sa ghrúpa) den saineolas atá ar fáil agus saineolas nua.”

Kirschner P & Lai K (2007)

Tacaíonn comhairleoirí Teicneolaíochtaí Digiteacha SGFM le Pobail Dhigiteacha Cleachtais lena bhfís agus lena ngníomhaíochtaí a fhorbairt, agus le FGL nuair is gá. Laistigh de Chéim 1 den chlár seo, ghlac 293 duine páirt ann, ag cruthú 22 Pobal Digiteach Cleachtais ag leibhéal an bhunoideachais agus 13 ag leibhéal an iar-bhunoideachais. Is féidir miondealú geografach ar ár bPobail Dhigiteacha Cleachtais a fheiceáil thíos.

Tá thart ar 293 múinteoir páirteach ann, ag cruthú 22 Pobal Digiteach Cleachtais ag leibhéal an bhunoideachais agus 13 ag leibhéal an iar-bhunoideachais. Is féidir miondealú geografach ar ár bPobail Dhigiteacha Cleachtais a fheiceáil thíos.

Ainm Phobal Digiteach Cleachtais na mBunscoileannaLíon i nGrúpaAinm Phobal Digiteach Cleachtais na n-Iar-bhunscoileannaLíon i nGrúpa
Pobal Digiteach Cleachtais P1: Baile Átha Cliath A8Pobal Digiteach Cleachtais PP1: Mumhain5
Pobal Digiteach Cleachtais P2: Baile Átha Cliath B/Dún Dealgan7Pobal Digiteach Cleachtais PP1: Mumhain8
Pobal Digiteach Cleachtais P3: Baile Átha Cliath C8Pobal Digiteach Cleachtais PP2: Cora Droma Rúisc10
Pobal Digiteach Cleachtais P4: Baile Átha Cliath D7Pobal Digiteach Cleachtais PP3: Corcaigh10
Pobal Digiteach Cleachtais P5: Laois8Pobal Digiteach Cleachtais PP4: Corcaigh/Trá Lí6
Pobal Digiteach Cleachtais P6: Cora Droma Rúisc9Pobal Digiteach Cleachtais PP5: Droim Conrach A7
Pobal Digiteach Cleachtais P7: Maigh Eo A9Pobal Digiteach Cleachtais PP6: Droim Conrach B6
Pobal Digiteach Cleachtais P8: Maigh Eo B agus Sligeach7Pobal Digiteach Cleachtais PP7: Baile Átha Cliath C9
Pobal Digiteach Cleachtais P9: Cill Chainnigh7Pobal Digiteach Cleachtais PP8: Muineachán/ an Cabhán10
Pobal Digiteach Cleachtais P10: Corcaigh A15Pobal Digiteach Cleachtais PP9: An Uaimh8
Pobal Digiteach Cleachtais P11: Corcaigh B15Pobal Digiteach Cleachtais PP10: An Lár Tíre5
Pobal Digiteach Cleachtais P12: Trá Lí/Corcaigh Thiar7Pobal Digiteach Cleachtais PP11: Connacht10
Pobal Digiteach Cleachtais P13: Gaillimh9Pobal Digiteach Cleachtais PP12: Loch Garman/ Port Láirge7
Pobal Digiteach Cleachtais P14: Mumhain7Pobal Digiteach Cleachtais PP13: An tOirdheisceart7
Pobal Digiteach Cleachtais P15:Béal Átha Luain5Líon iomlán Múinteoirí:108
Pobal Digiteach Cleachtais P17:An Uaimh11
Pobal Digiteach Cleachtais P18: Port Láirge8
Pobal Digiteach Cleachtais P19: Loch Garman10
Pobal Digiteach Cleachtais P16 Muineachán/an Cabhán10
Pobal Digiteach Cleachtais P20: Dún na nGall A6
Pobal Digiteach Cleachtais P21: Dún na nGall B6
Pobal Digiteach Cleachtais P22: Cill Dara6
Líon iomlán Múinteoirí:185
(Líon rannpháirtithe amhail Meán Fómhair 2020)

Conas bheith páirteach i bPobal Digiteach Cleachtais

Tá Céim a hAon den chlár seo (léirithe thuas) críochnaithe. Osclófar Céim a Dó sa scoilbhliain 2022/23 agus fógrófar léirithe spéise trí Líonra na nIonad Oideachais.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.