Skip to main content

Scoilnet.ie

Tairseach oifigiúil na Roinne Oideachais d’oideachas na hÉireann is ea Scoilnet. Seoladh an suíomh gréasáin den chéad uair in 1998, agus tá an suíomh gréasáin á bhainistiú ag SFGM-Teicneolaíocht san Oideachas ar son na Roinne Oideachais. Comhoibríonn foireann inmheánach Scoilnet de thriúr le múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme chun ábhar an tsuímh gréasáin a chothabháil agus a bhainistiú.

Is é croílár an tsuímh bunachar sonraí de bhreis is 21,000+ ‘acmhainn oideachais oscailte’ ar líne lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, tráth na gceist, pleananna ceachta, nótaí, físeáin/ábhar fuaime, cluichí agus ilmheáin eile. Tá gach acmhainn clibeáilte de réir mhionsonraí churaclam na hÉireann. Déantar ábhar a fhorbairt chun tacú le múinteoirí ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal araon agus chun rogha a thabhairt do mhúinteoirí a n-acmhainní teagaisc agus foghlama féin a roinnt agus a uaslódáil. Tá uirlisí ar an láthair ar fáil chomh maith lena chur ar chumas múinteoirí acmhainní a úsáid agus a láimhseáil dá scoláirí.

Tá ábhar breise ceadúnaithe lena úsáid ag múinteoirí agus ag scoileanna, e.g. Leabhar Domhanda ar Líne, Cartlann Nuachtán na hÉireann, Bailiúchán JSTOR Ireland.

Tionscadail Scoilnet

Coimeádtar raon suíomhanna gréasáin satailíte faoin tionscnamh Scoilnet freisin:

Scoilnet Maps Uirlis léarscáilithe idirghníomhach ina bhfuil léarscáileanna mionsonraithe de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann, léarscáileanna domhanda agus sonraí GIS.

CensusAtSchool Tionscadal idirnáisiúnta ina ndéanann scoláirí iar-bhunscoile obair a bhailiú le fíorshonraí mar chuid de shnáithe Staitisticí agus Dóchúlachta an churaclaim Matamaitice.

French.ie Tacaíocht a sholáthar don churaclam Fraincise sa tSraith Shóisearach agus sa tSraith Shinsearach.

French.ie Tacaíocht a sholáthar don churaclam Gearmáinise sa tSraith Shóisearach agus sa tSraith Shinsearach.

Science Hooks Tionscnamh de chuid OÉ Gaillimh ina gcuirtear i láthair cnuasach físeán ina gcuimsítear gnéithe úrnua agus tarraingteacha na Ceimice, na Fisice agus na Bitheolaíochta.

I Am An Artist Ag tacú leis na hAmharcealaíona i gcuraclam na bunscoile.

Irish Flag Stair agus teacht chun cinn bhratach na hÉireann.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.