Skip to main content

Webwise.ie

Mar chuid den SFGM-Teicneolaíocht san Oideachas, is é Webwise an Lárionad Éireannach um Fheasacht Sábháilteacht Idirlín atá á chistiú i gcomhar ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus atá á chómhaoiniú ag Saoráid um Chónascadh na hEorpa de chuid an Aontais Eorpaigh.

Cuireann Webwise úsáid neamhspleách, éifeachtach agus níos sábháilte an idirlín ag daoine óga chun cinn trí straitéis faisnéise agus feasachta mharthanach ina ndírítear ar thuismitheoirí, ar mhúinteoirí, agus ar pháistí iad féin le teachtaireachtaí comhsheasmhacha agus ábhartha. Forbraíonn agus scaipeann Webwise acmhainní a chuidíonn le múinteoirí sábháilteacht idirlín a chomhtháthú sa teagasc agus san fhoghlaim ina scoileanna. Áirítear iad seo a leanas ar na príomhthacaíochtaí agus ar na príomhacmhainní ó webwise.ie:

Acmhainní agus ceachtanna sábháilteachta ar líne do scoileanna
Cuireann Webwise réimse acmhainní teagaisc bunscoile agus iar-bhunscoile ar fáil saor in aisce ina bpléitear réimse topaicí lena n-áirítear cibearbhulaíocht, comhroinnt íomhánna, na meáin shóisialta agus go leor eile. Féach ar ár n-acmhainní agus físeáin atá ailínithe leis an gcuraclam.
https://www.webwise.ie/teachers/resources/

Polasaí um Úsáid Inghlactha
Tá sé ríthábhachtach do do scoil féin AUP a chruthú. Tá Cruthaitheoir Polasaithe um Úsáid Inghlactha forbartha ag an bhfoireann ag Webwise agus tá sé saor in aisce le húsáid ag gach scoil Lenár n-uirlis éasca le húsáid is féidir leat Polasaí um Úsáid Inghlactha a shaincheapadh de réir do riachtanas scoile.
Tosaigh anseo: https://forms.webwise.ie/.

Oiliúint agus tacaíocht
Féadfaidh múinteoirí rochtain a fháil ar chomhairle agus ar thacaíocht lena n-áirítear cúrsaí ar líne agus seimineáir gréasáin ina ndéantar iniúchadh ar shraith topaicí sábháilteachta ar líne trí Mhol Webwise do Mhúinteoirí.
https://www.webwise.ie/teachers/webwise-workshops/

Mol Webwise do Thuismitheoirí
Soláthraíonn Mol Webwise do Thuismitheoirí faisnéis, comhairle agus uirlisí saor in aisce chun cuidiú le tuismitheoirí tacú lena bpáistí ar líne. Cuimsítear sa mhol físeáin saineolaithe, pointí cainte, treoracha míniúcháin agus go leor eile.
https://www.webwise.ie/parents/

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.